An difríocht idir athruithe ar: "Gearóid de Barra"

Content deleted Content added
m robot Adding: es:Garret Barry
Colin Ryan (plé | dréachtaí)
No edit summary
Líne 2:
Saighdiúir de chuid an [[17ú haois]] ba ea '''Gearóid de Barra'''. Rugadh é i g[[Contae Chorcaí]] agus, ar nós a lán fear eile den uaisle [[Caitliceach|Chaitliceach]], chuaigh sé ag saighdiúireacht thar lear. Rinne sé seirbhís sa reisimint Éireannach in Arm na Spáinne i bh[[Flóndras]] ar feadh beagnach tríocha bliain agus é ag troid le fórsaí Chúigí Aontaithe na hÍsiltíre.
 
D'fhill sé ar Éirinn sa bhliain 1640, ag iarraidh fir a earcú d'Arm na Spáinne. Ach d'éirigh na hÉireannaigh amach sa bhliain 1641, agus chuaigh de Barra i bpáirt le Comhcheangal Caitliceach na hÉireann. Ceapadh é mar ghinearál ar fhórsaí an Chomhcheangail i g[[Cúige Mumhan]]. Rinne sé ar [[Luimneach]] sa bhliain 1642 agus chuidigh Caitlicigh na cathrach leis Caisleán Rí Eoin, áit a raibh slua Protastúnach, a ghabháil. Thochail sé faoi na ballaí agus bhain tairbhe as snípéirí nó gur ghéill an namhaid, agus drochbhail orthu faoin am sin. Ligeadh don fhuíoll dul chun [[Baile Átha Cliath]].
[[Image:John_Castle_Limerick-seabhcan.jpg|thumb|Caisleán Rí Eoin, agus Droichead Thuamhumhan lena ais]]
 
Is beag rath a bhí ar de Barra ina dhiaidh sin. Theip air [[Corcaigh]] a ghabháil agus scaipeadh a chuid saighdiúirí ag [[Cath Lios Cearúill]]. Bhain seo dá chlú agus is beag a rinne sé sa chogadh as sin amach. Fuair sé bás i Luimneach sa bhliain 1647.<ref>{{cite book|title=History of the Irish Confederation and the war in Ireland, 1641-1649|author=John Thomas Gilbert, Richard Bellings|year=1973}}</ref>
 
B'údar míleata é de Barra, agus a lán leabhar ar fáil óna lámh faoi thraenáil agus faoi láimhseáil na saighdiúirí.
 
==Tagairtí==