An difríocht idir athruithe ar: "Seosamh Mac Grianna"

Content deleted Content added
No edit summary
Líne 5:
Chaith Seosamh a sheal féin ag aistritheoireacht don [[An Gúm|Ghúm]], agus déanta na fírinne rinne sé a lán aistriúchán a thabhaigh clú is cáil dó, go háirithe an Ghaeilge a chuir sé ar ''Ivanhoe'' le [[Walter Scott]]. Mar sin féin, bhí sé míshásta leis an bpá a fuair sé ón nGúm, agus níos míshásta fós leis an dóigh ar chaith an Gúm lena chuid bunscríbhinní. Siúd is go raibh an t-úrscéal ''An Druma Mór'' críochnaithe aige sna tríochaidí, níor tháinig sé i gcló roimh na seascaidí.
 
Chuaigh an cruatan go mór mór chun dochair dó, go háirithe ó thaobh na sláinte sící de. Sa bhliain [[1935]], agus é díreach ag scríobh úrscéil faoi shaol polaitiúil na hÉireann, buaileadh le síocóis dhúlagrach é a d'fhág ina chreapaltán é ó thaobh na haigne de, ar feadh a raibh fágtha de shaol aige. D'éist sé an obair scríbhneoireachta, agus baisteadh ''Dá mBíodh Ruball ar an Éan'' (is é sin, "dá mbeadh eireaball ar an éan", de réir an Chaighdeáin) ar an úrscéal neamhchríochnaithe. Go gairid roimh a bhás, thug an scríbhneoir le fios go raibh "ruball curtha ar an éan" aige, agus ó na laethanta sin ar aghaidh bíonn an cheist i mbéal an phobail, ar fhág Seosamh aon lámhscríbhinn ina dhiaidh a mbeadh deireadh an scéil inti. Sa bhliain 2005, d'fhoilsigh Antain Mac Lochlainn úrscéal dá chuid féin, ''Ruball an Éin'', leis an scéal a tosaíodh in úrscéal Sheosaimh a chríochnú.
 
Chaith Seosamh an chuid is mó den am ina dhiaidh sin ag éileamh san ospidéal siciatrach. Bhí sórt cleamhnais neamhoifigiúil aige le bean agus saolaíodh mac don bheirt aige, agus chuir an bhean is an mac lámh ina mbásanna féin i bhfad sular shíothlaigh an scríbhneoir.