An difríocht idir athruithe ar: "Dónall Ó Conaill"

Content deleted Content added
~~
m róbat ag mionathrú: th:แดเนียล โอคอนเนลล์; cosmetic changes
Líne 19:
Polaiteoir [[Éire]]annach as [[Ciarraí]] ab ea '''Dónall Ó Conaill''' ([[6 Lúnasa]], [[1775]] – [[15 Bealtaine]], [[1847]]). Bhí sé i gcoinne [[Acht an Aontais 1800|Acht an Aontais]], agus d’oibrigh sé go dian chun saoirse na g[[Caitliceachas|Caitliceach]] a bhaint amach, iarracht ar a dtugtar [[Fuascailt na gCaitliceach]]. Toghadh é go Westminster sa bhliain [[1828]]. Tugadh saoirse iomlán do na Caitlicigh sa bhliain [[1829]]. Cailleadh an Conallach sa bhliain 1847, agus cáil air ar fud na hEorpa faoin am sin.
 
== Breith agus oideachas ==
Rugadh Dónall láimh le [[Cathair Saidhbhín]] sa bhliain 1775. Bhí muintir Uí Chonaill go maith as. D'fhreastail sé ar scoil scairte i g[[Contae Chorcaí]] ar dtús. Chuaigh sé thar lear go dtí [[an Fhrainc]] chun staidéar a dhéanamh ar an dlí, agus bhain sé céim amach. Rinneadh abhcóide de. Chuaigh sé le polaitíocht níos déanaí.
 
== Ó Conaill sa bhéaloideas, agus an Ghaeilge ==
Is iomaí scéal béaloidis a bhaineann leis na héachtaí a rinne an "laoch cliste" seo,
 
Líne 34:
Bhí Gaeilge aige ó dhúchas, agus bhí Béarla líofa aige chomh maith. Chabhraigh an dátheangachas seo leis mar abhcóide agus mar pholaiteoir. Nuair a saolaíodh an Conallach, ba í an Ghaeilge teanga fhormhór mhuintir na hÉireann, ach bhí an Sacs-Bhéarla riachtanach i rialtas na nGall. Tá a lán scéalta béaloidis ann a thugann le fios go raibh an Ghaeilge go paiteanta aige, agus é sásta úsáid a bhaint aisti mar theanga rúnda. San am céanna, bhí sé den tuairim go raibh an Béarla ní b'úsáidí agus ní b'oiriúnaí don tsochaí chomhaimseartha a bhí ag forbairt agus ag dul chun tionsclaíochta, agus é ag tabhairt le fios gur rud maith, nó rud nádúrtha ar a laghad, a bheadh ann dar leis féin dá rachadh an Ghaeilge in éag. Bhí an dearcadh seo ag teacht leis an aisling a bhí aige i gcúrsaí eile freisin: dúirt sé go hoscailte go raibh sé ag teastáil uaidh "Briotanaigh thiar" nó ''West Britons'' a dhéanamh de na Gaeil - is é sin, daoine a mbeadh cearta sibhialta, teanga agus cultúr na Sasanach acu.
 
=== Scéal tipiciúil béaloidis faoin gConallach agus an Ghaeilge ===
[[Íomhá:Daniel O'Connell by Sir George Hayter.jpg|clé|150px|thumb|Dónall Ó Conaill, le George Hayter.]]
Fuair Dónall Ó Conaill cuireadh dinnéir i Londain agus cuireadh nimh ina chupán. Ach bhí cailín ó Éirinn ann agus bhí Gaeilge aici. Bhí a fhios aici go raibh an nimh curtha ina chupán agus theastaigh uaithi gaoth an fhocail a thabhairt do Dhónall. Bhí Dónall ann agus é ar chlíothán an bhoird, agus tháinig an cailín agus gach aon ní aici á chur ar an mbord i gcóir an dinnéir; agus bhí stíobhard ag socrú an bhia - a phláta féin agus a chupán féin aige á chur ar a aghaidh amach. Ghabh an cailín isteach agus labhair sí:
Líne 48:
Thóg sé a chupán féin agus chuir sé anonn é go tiubh agus thóg sé cupán eile. Maraíodh fear eile ansin ina ionad féin.<ref>Foinse 1: Leathanach a 315 sa leabhar: ''Seanachas ó Chairbre 1.'' Seán Ó Cróinín a thóg síos, Donncha Ó Cróinín a chuir in eagar. Comhairle Bhéaloideas Éireann, an Coláiste Ollscoile, Baile Átha Cliath 1985. Caighdeánaíodh an sliocht seo le haghaidh na Vicipéide.</ref><ref>Foinse 2: Leathanach a 268 sa leabhar: O'Donnell, Jim, agus Seán de Fréine: ''Ciste Cúrsaí Reatha''. An Foras Riaracháin, Baile Átha Cliath 1992.</ref>
 
== Fuascailt na gCaitliceach ==
[[Íomhá:Daniel O'Connell, the great Irish liberator.jpg|deas|200px|thumb|Pictiúr de "Daniel O'Connell, the Great Irish Liberator".]]
 
Líne 59:
Sheas an Conallach sna toghcháin i g[[Contae an Chláir]] sa bhliain 1828. Bhuaigh sé an toghchán, ach ní raibh cead ag Caitliceach ar bith bheith ina bhall den Pharlaimint Ghallda ag an am sin. Cuireadh dlí nua i bhfeidhm i dtreo go mbeadh cead ag an gConallach a shuíochán a ghlacadh mar bhí eagla ar an rialtas Gallda go mbeadh éirí amach eile ann in Éirinn dá ndiúltófaí ionadaí na hÉireann faoina cheart. Bhí a aidhm bainte amach ag an gConallach ansin.
 
== Aisghairm Acht an Aontais ==
[[Íomhá:Daniel O'Connell, defending the rights of his countrymen.jpg|deas|200px|thumb|An Conallach ag cur in aghaidh [[Acht an Aontais]].]]
Theastaigh ó Dhónall Ó Conaill deireadh a chur le h[[Acht an Aontais]]. Thaistil sé ar fud na hÉireann agus é ag labhairt leis an gcosmhuintir ag a chuid cruinnithe móra millteanacha. Bhí timpeall is 250,000 duine i láthair ag ollchruinniú de chuid an Chonallaigh i d[[Teamhair]] ar an 15 Lúnasa 1843. Gheall sé do mhuintir na tíre go gcuirfí Acht an Aontais ar ceal.
Líne 68:
Gabhadh an Conallach, cuireadh tréas ina leith air agus gearradh bliain príosúnachta air. Scaoileadh saor é nuair a bhí trí mhí caite aige sa phríosún, áfach .
 
== Bás agus Oidhreacht ==
Fuair Ó Conaill bás agus é ar oilithreacht go dtí [[an Róimh]]. Bhí sé 71 bliain d'aois. Cuireadh a chorp san uaigh i [[Reilig Ghlas Naíon]] i mBaile Átha Cliath.
 
Líne 77:
Tugtar ''Sráid Uí Chonaill'' ar na príomhshráideanna i mBaile Átha Cliath agus i [[Luimneach]] agus ar shráideanna i roinnt bailte eile in ómós dó.
 
== Tagairtí ==
{{reflist}}
 
== Naisc ==
* [http://www.jstor.org/pss/20496048 Dónall Ó Conaill I mBéalaibh na nDaoine]
* [http://www.jstor.org/pss/20553720 Dónall Ó Conaill in Amhráin na nDaoine]
 
[[Catagóir:Stair na hÉireann|Conaill, Dónall Ó]]
Líne 104:
[[pt:Daniel O'Connell]]
[[sv:Daniel O'Connell]]
[[th:แดนแดเนียล โอคอนเนลล์]]