An difríocht idir athruithe ar: "Scannáin Iodálacha faoin Iarthar Fiáin"

Content deleted Content added
Leathanach cruthaithe le 'Glactar leis gur seánra ar leith i stair na scannánaíochta iad na '''scannáin Iodálacha faoin Iarthar Fiáin''', seánra a tháinig ar an bhfód faoi lár na seascaid...'
 
No edit summary
Líne 1:
Glactar leis gur seánra ar leith i stair na scannánaíochta iad na '''scannáin Iodálacha faoin Iarthar Fiáin''', seánra a tháinig ar an bhfód faoi lár na seascaidí. ''Spaghetti Western'' an téarma Béarla a chuaigh in úsáid ina lán teangacha eile chomh maith. Le bheith beacht barainneach, ní Iodálaigh amháin a bhí ag déanamh na scannán seo - ba mhinic a bhí comhlacht Spáinneach ag glacadh páirte san obair. As an Iodáil agus as an Spáinn a thagadh an fhoireann scannánaíochta, ach thagadh aisteoirí ó Hollywood freisin - aisteoirí nach raibh ag éirí leo a thuilleadh, nó aisteoirí nua a raibh taithí ag teastáil uathu. Ní rachadh na foirne go Meiriceá ar lorg radharcra - a mhalairt ar fad, bhainidís úsáid as timpeallachtaí i nDeisceart na hEorpa a bhí cosúil le Iar-Dheisceart na Stát Aontaithe, ar nós na hAndalúise sa Spáinn, na Sairdíne nó réigiún Abruzzo san Iodáil. Ó bhí aisteoirí breise ón Spáinn agus ón Iodáil ar fáil go saor, ba mhinic a roghnaítí téamaí a bhí oiriúnach do theanga is do chultúr na n-aisteoirí seo: réabhlóid Mheicsiceo, mar shampla, nó ionradh na mbligeard Meicsiceach thar teorainn.
 
Ar dtús, bhí Iodáilis á labhairt ar na scannáin seo (cé gur ghnách na scannáin a athghuthú - a dhubáil - as Béarla le haghaidh an mhargaidh idirnáisiúnta). Ní chaití mórán airgid leo, agus bhí "íostachas" ag baint leis an obair scannánaíochta go léir, mar a bheifí ag iarraidh loinnir an laochais a bhaint de choincheap an Iarthair Fhiáin go léir.
 
Ba é ''Tierra Brutal'' - (Spáinnis: "An Tír Bhrúidiúil") - an chéad scannán den chineál seo a rinneadh, thiar sa bhliain 1961. Íorónta go leor ní raibh lámh ag Iodálach ar bith i ndéanamh an scannáin. Comhléiriú Sasanach-Spáinneach a bhí ann.