An difríocht idir athruithe ar: "Scannáin Iodálacha faoin Iarthar Fiáin"

Content deleted Content added
No edit summary
No edit summary
Líne 5:
Ba é ''Tierra Brutal'' - (Spáinnis: "An Tír Bhrúidiúil") - an chéad scannán den chineál seo a rinneadh, thiar sa bhliain 1961. Íorónta go leor ní raibh lámh ag Iodálach ar bith i ndéanamh an scannáin. Comhléiriú Sasanach-Spáinneach a bhí ann. Ba é an stiúrthóir Sasanach Michael Carreras a bhí i mbun na scannánaíochta, agus maidir leis na príomhpháirteanna, tháinig na haisteoirí fir as na Stáit Aontaithe (Richard Basehart agus Alex Nicol), agus ba amhránaithe tíre as an Spáinn an bheirt bhan (Paquita Rico agus María Granada).
 
Is é Sergio Leone an stiúrthóir is tábhachtaí a rinne scannáin faoin Iarthar Fiáin san Iodáil. Tá clú agus cáil ar an tríútrí scannáncinn a rinne sé sna blianta 1964-66: ''A Fistful of Dollars'' ("Dornán dollar"), ''For a Few Dollars More'' ("Ar son cúpla dollar eile"), agus ''The Good, the Bad, and the Ugly'' ("An Fear Maith, an Drochfhear, agus an Fear Míofar"). Tugtar "tríológ na ndollar" ar an tsraith seo go minic. Murab ionann agus na scannáin eile den chineál sin, bhí buiséad ard ag an gceann deireanach acu - chaith Leone breis is milliún dollar á dhéanamh. Ba é Clint Eastwood a rinne an phríomhpháirt sa trí scannán, agus ba é Ennio Morricone a chum an ceol.