An difríocht idir athruithe ar: "Otto von Bismarck"
Content deleted Content added
m litriú |
mNo edit summary |
||
Líne 26:
''Junker'', nó mionuaisle Prúiseacha ab ea iad muintir Bismarck. Rugadh Otto i Schönhausen in aice le [[Stendal]] ar an gcéad lá de Mhí Aibreáin 1815, agus tháinig sé i gcrann i Kniephof sa [[An Phomaráin|Phomaráin]] (lámh le Nowogard i b[[An Pholainn|Polainn]] an lae inniu), nuair a tháinig a athair Ferdinand i seilbh eastát eile i ndiaidh bhás a sheanuncail. Bhí sé seacht mbliana d'aois, nuair a chinn a mháthair Wilhelmine (''née'' Mencken) filleadh ar [[Beirlín|Bheirlín]], agus thug sí Otto, an mac ba sine aici darbh ainm Bernhard, agus a hiníon Malwine léi.
D'fhreastail Otto ar an meánscoil úd ''Gymnasium zum Grauen Kloster''. Ansin, tháinig sé i dteagmháil le baill de rítheaghlach na Prúise, mar atá, muintir Hohenzollern. Ina dhiaidh sin, rinne sé staidéar ar an dlí ar Ollscoil Georg August i nGöttingen. Bhí clú an liobrálachais ar an ollscoil. Le linn a staidéir ansin, bhí Otto óg ina bhall de Corps Hannovera, cumann mac léinn a
Sa bhliain 1839, fuair a mháthair bás. Ansin, shocraigh sé síos san eastát talmhaíochta le dul le feirmeoireacht. Thug seisean agus a dheartháir Bernhard aire don trí eastát a bhí ag a n-athair, mar atá, Kniephof, Jarchlin, agus Külz. Nuair a toghadh Bernhard ina bhall den ''Landrat'' (comhairle an chúige) sa bhliain 1841, fágadh Kniephof agus Külz faoi Otto, agus ba é Bernhard a fuair Jarchlin. Ba é an t-athair a bhí i mbun na dtailte i Schönhausen. Sa bhliain 1845, arís, cailleadh an t-athair, agus thit sé ar chrann Otto aire a thabhairt do sheilbh an teaghlaigh i Schönhausen féin.
|