An difríocht idir athruithe ar: "Otto von Bismarck"

Content deleted Content added
m →‎Óige: nasc
Líne 35:
[[Íomhá:Schönhausen200705.jpg|280px|thumb||Suíomh Schloß Schönhausen, áit bhreithe Otto von Bismarck, ar an 20 Iúil 2005. Leag rialtas Phoblacht Dhaonlathach na Gearmáine an mainéar sa bhliain 1958.]]
 
Sa bhliain 1845, toghadh ar Chomhairle Chúige (''Provinziallandtag'') na Sacsaine é, a thagadh le chéile i [[Merseburg]]. Dhá bhliain ina dhiaidh sin, cuireadh comhairlí na gcúigí Prúiseacha le chéile in aon pharlaimint amháin, an Chomhairle Aontaithe, agus ansin, bhí ridirí an chúige sásta é a vótáil isteach ansin mar ionadaí teachta.
 
Ba é an Rí Friedrich Wilhelm IV a bhunaigh an pharlaimint nua seo, nó bhí sé díreach ag iarraidh iarnróid a thógáil le tailte scaipthe na Prúise a cheangal dá chéile, agus leis na hiarnróid a mhaoiniú, chaithfeadh sé fiacha a tharraingt ar an stát. De réir an dlí, áfach, ní raibh cead aige an stát a chur i bhfiacha gan faomhadh a fháil ó na hEastáit. Mar sin, chuir sé gairm chruinnithe ar na hEastáit, agus sin mar a tháinig parlaimint aontaithe na Prúise ar an bhfód.