An difríocht idir athruithe ar: "Litiam"
Content deleted Content added
m róbat ag suimiú: ur:سنگصر |
Guliolopez (plé | dréachtaí) {{Bosca sonraí}} |
||
Líne 1:
{{Dúil cheimiceach bosca eolais
|Ainm=Litiam
|Siombal=Li
|UAdamach=3
|MAdamach=6.941(2) g·mol
|Grúpa=1, 2, s
|Sraith=Miotail alcaileacha
|Íomhá=Li-TableImage.png
▲| 535 kg/m<sup>-3</sup>
▲|}
Is [[dúil cheimiceach|dúil]] [[mhiotalach]] é an '''litiam'''. Is í an [[uimhir adamhach]] atá aige ná 3, agus is í an tsiombail cheimiceach atá aige ná '''Li'''. Tá trí phrótón i [[núicléas adamhach|núicléas]] an adaimh litiam, agus, dá réir sin, trí leictreon sa [[néal leictreon]]. Ceann de na [[miotal alcaileach|miotail alcaileacha]] atá ann, agus cosúil leis na miotail alcaileacha eile, níl ach aon [[fiúsleictreon|fhiúsleictreon]] amháin aige. Is í an chumraíocht leictreonach atá aige ná 1s<sup>2</sup>2s<sup>1</sup>, nó tá an sceall is gaire don núicléas lán, agus aon leictreon amháin ar s-[[Fithiseán|fhithiseán]] an dara sceall. Mar sin, is í an uimhir ocsaídiúcháin is dual dó ná +1. Tá adamh an litiam an-araiciseach chun imoibriú a dhéanamh leis na neamh-mhiotail, ionas go gcaillfidh sé an fiúsleictreon le hiompú ina [[ian]] deimhneach. Tá sé riachtanach litiam a choinneáil dealaithe ón atmaisféar, istigh san ola mar shampla, nó má oibríonn an ocsaigin air, tiocfaidh brat bán ocsaíde (Li<sub>2</sub>O, [[ocsaíd litiam]]) air go sciobtha. Is miotal é a bhfuil loinnir an airgid ann, a fhad is nach bhfuil an brat sin air. Oibríonn an t-uisce air ar an dóigh chéanna, cé nach bhfuil an t-imoibriú leis an uisce chomh tobann agus a bhíonn sé ag na miotail alcaileacha eile. Níl tréithe an mhiotail alcailigh chomh láidir ag an litiam agus ag na miotail eile sa ghrúpa seo, nó is é an ceann is airde leáphointe agus an ceann is deacra a ghearradh acu. Is féidir an litiam a ghearradh le gnáthscian, ach níl sé chomh bog leis an sóidiam, cuir i gcás.
|