An difríocht idir athruithe ar: "Fosfar"

Content deleted Content added
No edit summary
Naisc
Líne 9:
|Íomhá=P-TableImage.png
}}
Is é an '''fosfar''' [[dúil cheimiceach]] uimhir a cúig déag.. Tá sé 30.973762 g/mol ar mheáchan adamhach, agus is é '''P''' an tsiombailt[[siombail cheimiceach]]. Neamh-mhiotal é an fosfar a bhfuil a lán allatróp éagsúil aige. Bíonn an fosfar coitianta go leor sa dúlra, ós fosfáití iad a lán cineálacha cloiche. Tugtar fosfaracht nó fosfaraíocht ar an méarnáil a thagann i substaintí áirithe agus iad tar éis [[solas]] nó radaíocht a shú isteach, ach le fírinne, ní fosfaracht den chineál seo atá i gceist le méarnáil an fhosfair bháin, ach ceimealonracht. Is é sin, tá imoibriú ceimiceach ar siúl idir an fosfar agus [[ocsaigin]] an aeir, agus is é an t-imoibriú sin is cúis leis an loinnir.
 
Tá an fosfar an-araiciseach chun imoibriú a dhéanamh, agus mar sin, ní fhaightear ina dhúil é sa dúlra. Tá ról tábhachtach aige sa bhitheolaíocht, agus teacht air san aigéad dí-ocsairibeanúicléasach, san aigéad ocsairibeanúicléasach, sa trífhosfáit adanóisín, sna fosfailipidí agus i gcuid mhaith substaintí bithcheimiceacha eile. Úsáidtear fosfar i leasú talún, i dtaos fiacla, i gcipíní, i [[Néarghás|néargháis]], i dtine ealaíne, i bhfeithidicídí agus i nglantaigh.
Líne 15:
Ba é an t-ailceimiceoir Gearmánach Hennig Brandt a d'aonraigh an fosfar bán an chéad uair sa bhliain 1669, nuair a bhí sé ag iarraidh órchloch a dhéanamh as a chuid múin féin.
 
Amach ón bhfosfar bán, tá roinnt allatróp eile ag an dúil seo. Tá an fosfar bán comhdhéanta as móilíní[[móilín]]í ceithre adamh, P<sub>4</sub>, agus is iad na móilíní seo atá le fáil san fhosfar ghásaithe chomh maith, ach titfidh siad as a chéile go móilíní dé-adamhacha P<sub>2</sub>. Nimh atá san fhosfar bhán, ós rud é go bhfuil sé an-araiciseach chun imoibriú a dhéanamh. Maidir leis an bhfosfar dearg, tá sé comhdhéanta as slabhraí fada polaiméireacha. Is féidir fosfar dearg a fháil tríd an bhfosfar bán a théamh suas go 250 °C. Ar dtús, gheofar fosfar dearg [[Solad dímhorfach|dímhorfach]], ach ansin, má choinnítear ag téamh an fhosfair, tiocfaidh struchtúr criostalach ann.
 
{{síol}}