An difríocht idir athruithe ar: "An tSean-Ghréig"

Content deleted Content added
m róbat ag suimiú: be-x-old, bo, ms ag mionathrú: an, sq, tg
Scotto (plé | dréachtaí)
No edit summary
Líne 1:
Tháinig tús le sibhialtacht sa [[An Ghréig|Ghréig]] thart ar 3000 R.Ch. le sibhialtacht na Mionóch ar oileán na Créite nuair a bhfuarthas amach conas le copar agus stán a chur le chéile. Tugtar aois an chré-umha ar an aimsir seo. D'fhás an cultúr sin thar na blianta is thart ar 2000 R.Ch. thosaigh na Mionóigh ag baint úsáide as iairiglifí nó cineál scríbhneoireachta le pictiúir. Thóg na Mionóigh pálás [[Knossos]] mar lárionad a rialtais sa Chréit idir 1900 agus 1400 R.Ch. Sa bhliain 1450 R.Ch. chuir brúchtadh bolcáin in Thera deireadh le réim na Mionóch.
[[Íomhá:Athens Acropolis.jpg|thumb|260px|Acrapail nó ''cathair ard'' na [[An Aithin|hAithne]]]]
 
Cé go raibh tionchar mór ag na Mionóigh ar stair na Gréige, ceaptar nár Ghréagaigh iad ó thaobh a dteangan de. Tháinig na chéad daoine gurbh í an Ghréigis a dteanga don tír timpeall 2000 R.Ch., agus i ndiaidh deireadh a theacht ar shibhialtacht na Mionóch, bhunaigh na luath-Ghréagaigh seo an tsibhialtacht go dtugtar Mícéiniach uirthi, a mhair ó 1600-1100 R.Ch. Is ó Ré na Mícéiniach a eascair na heipicí Hóiméaracha agus na scéalta i dtaobh [[Cogadh Traíoch|an Chogaidh Thraíaigh]], cé nár deineadh leagan údarásach díobh go dtí timpeall 700 R.Ch.
 
Ina dhiaidh sin, is féidir stair na Sean-Ghréige a roinnt i réimsí áirithe ginearálta: