|gairm=Gníomhaí don [[Gaeilge]]; ollamh sa [[An Coláiste Ollscoile, Baile Átha Cliath|Coláiste Ollscoile, BÁC]]
|ainmnithe=[[Fianna Fáil]] agus [[Fine Gael]] le chéile
|iarrthóirí_eile=''Neamhbhainteach''
|síniú=Douglas Hyde Signature.svg
}}
Scoláire agus polaiteoir [[Éire]]annach ab ea '''Dubhghlas de hÍde''' ((''Douglas Hyde'' as Béarla) nó '''an Craoibhín Aoibhinn''' (a ainm cleite): [[17 Eanáir]] [[1860]] - [[12 Iúil]] [[1949]]). Duine de bunaitheoirí Chonradh na Gaeilge ba ea é agus béaloideasaí cáiliúil. Eisean an chéad duine a roghnaíodh mar [[Uachtarán na hÉireann]], agus b'in é an post a bhí aige idir na blianta [[1938]] agus [[1945]].
== Cúlra ==
[[Íomhá:Douglas Hyde - Project Gutenberg eText 19028.jpg|clé|150px|thumb|De hÍde, timpeall na bliana [[1912]].]]
Mac le ministir de chuid [[Eaglais na hÉireann]] [[Arthur Hyde]] ba ea Dubhghlas de hÍde. Rugadh sa [[An Caisleán Riabhach|Chaisleán Riabhach]] i g[[Contae Ros Comáin]] é, áit ar chuala sé [[Gaeilge]] á labhairt ag cuid de mhuintir na tuaithe. Thosaigh sé ag bailiú scéalta agus amhrán uathu. Bhí an-suim aige i dteangacha, agus tar éis dó staidéar a dhéanamh i g[[Coláiste na Tríonóide]] bhí [[Fraincis]], [[Laidin]], [[Gearmáinis]], [[Gréigis]] agus [[Eabhrais]] aige.
== Conradh na Gaeilge ==
Chuidigh sé le [[Conradh na Gaeilge]] a bhunú sa bhliain [[1893]] agus bhí sé tamall maith de bhlianta ina uachtarán air. B'fhearr leis an Conradh a choinneáil glan ar chúrsaí polaitíochta, agus d'éirigh sé as an gConradh ag Ard-Fheis an Chonartha i n[[Dún Dealgan]] sa bhliain [[1915]] nuair a tháinig leithéidí [[Pádraig Mac Piarais|Phádraig Mhic Piarais]] chun cinn. Bhí sé ina bhall de [[Coiste na Leabhar|Choiste na Leabhar]] ó bunaíodh é sa bhliain 1928.
== Ina Uachtarán ==
Ní raibh aon bhaint aige le Sinn Féin ná le gluaiseacht na saoirse, ach bhí sé sásta suíochán a ghlacadh i [[Seanad Éireann]]. Chaill sé a shuíochán sa bhliain 1925. Nuair a chuir [[Bunreacht na hÉireann|Bunreacht]] [[Uachtarán na hÉireann|Oifig an Uachtaráin]] ar bun sa bhiain [[1937]], ba é de hÍde an chéad duine a toghadh.
== Naisc sheachtracha ==
* [http://historical-debates.oireachtas.ie/D/0117/D.0117.194907130035.html Dáil Éireann - Bás an Dochtúra Dubhghlas de hÍde]
* [http://www.askaboutireland.ie/reading-room/life-society/irish-language-legends/an-cheathru-rua/bailiuchan-samuel-l.-mac/na-scribhneoiri/dubhghlas-de-hide/ Dubhghlas de hÍde ar askaboutireland.ie]
{{Uachtaráin na hÉireann}}
[[Catagóir:Polaiteoirí na hÉireann|De hÍde, Dubhghlas]]