An difríocht idir athruithe ar: "Otto von Bismarck"

Content deleted Content added
m róbat ag suimiú: zh-yue:俾斯麥
Eusc (plé | dréachtaí)
Líne 42:
 
Sa bhliain 1848, phléasc Réabhlóid an Mhárta amach sa Ghearmáin. Bhain na cathanna baracáide an-stangadh as Bismarck, agus thacaigh sé go láidir leis an ''status quo'' agus leis an monarcacht.
Bhí sé chomh buartha faoin réabhlóid is gur áitigh sé ar na hoifigigh i mBeirlín agus i [[Magdeburg]] cogadh a chur ar na réabhlóidithe, ach ní raibh gar ann. Nuair a tháinig ionadaithe na stát Gearmánach le chéile sa Chomhthionól Náisiúnta i bh[[Frankfurt]], agus iad ag éileamh aontú na Gearmáine in aon stát náisiúnta amháin, bhí Bismarck go mór mór in aghaidh an smaointe seo. Bhí sé ar duine acu siúd a chuir tús leis an ''Neue Preussische Zeitung'', nuachtán na gcoimeádach Críostaí, ar a dtugtaí "Nuachtán na Croise" (''Kreuzzeitung'') go coitianta.
 
Cé nach raibh oiliúint an taidhleora ar Bismarck, cheap an Rí Friedrich Wilhelm é mar ambasadóir ar [[Comhairle Cónaidhme na Gearmáine (1815-1866)|Chomhairle Cónaidhme na Gearmáine]] i bhFrankfurt é.