An difríocht idir athruithe ar: "Zombaí"
Content deleted Content added
m róbat ag suimiú: ar:زومبي |
No edit summary |
||
Líne 1:
[[Íomhá:Groupofzombiesjoelf.jpg|thumb|deas|220px|Grúpa aisteoirí a bhfuil cuma agus gothaí zombaithe orthu]]
Is éard atá i gceist le '''zombaí''' ná [[corpán]] agus é aiséirithe le horthaí [[Marbhdhraíocht|marbhdhraíochta]]. Is é an creideamh Afra-Chairibeach, an [[
Bíonn na zombaithe an-choitianta i [[Scannán uafáis|scannáin uafáis]] ár linne. B'é [[George A. Romero]] a chuir tús leis an bhfaisean lena scannán ''[[Night of the Living Dead]]'' ón mbliain [[1968]].
Is iomaí scannán a théann i dtuilleamaí an choincheapa a dtugtar "apacailipsis na zombaithe" air. I bplota den chineál sin, iompaíonn galar nó nimh rúndiamhair an chuid is mó den chine dhaonna ina zombaithe, ionas go dtiteann an tóin as an tsibhialtacht ar fad, agus ní fhágtar ach dornán daoine ag cur catha ar na sluaite móra de na zombaithe. Bhí scannán Romero, mar shampla, bunaithe ar an smaoineamh seo, agus le déanaí, tá sé le haithint ar an úrscéal úd ''Cell'' le [[Stephen King]]. Tá "apacailipsis na zombaithe" sách cosúil le bunsmaoineamh an scannáin ''Invasion of the Body Snatchers'' ón mbliain 1956. Sa scannán seo, b'iad na "corpsciobthóirí" ón spás a thuirling ar an Domhan lena gcuid íobartach a iompú ina neacha neamh-mharbha a bhí an-chosúil le zombaithe.
|