An difríocht idir athruithe ar: "Radanúiclíd"
Content deleted Content added
(No difference)
|
Leagan ó 07:03, 10 Meitheamh 2010
Is éard atá i gceist le radanúiclíd ná núiclíd - cineál adaimh a bhfuil a núicléas éagobhsaí, ionas gur dual dó meath radaighníomhach a theacht air. Mar sin, iompóidh an radanúiclíd ina núiclíd eile, agus í ag astú cáithnín fo-adamhach de chineál éigin - béite-cháithnín, alfa-cháithnín, nó candam gáma-radaíochta. Tá radanúiclídí nádúrtha ann, ach is féidir radanúiclídí a tháirgeadh go saorga freisin.
Téarma fisice é an focal sin "radanúiclíd". Na ceimiceoirí, is gnách leo dearcadh ar an radanúiclíd mar iseatóp de chuid na dúile ceimicí lena mbaineann sí, agus mar sin, is fearr leo raidiseatóp a thabhairt ar an radanúiclíd.