An difríocht idir athruithe ar: "Calafoirniam"

Content deleted Content added
No edit summary
Naisc
Líne 10:
}}
 
Is é an '''calafoirniam''' [[Dúil cheimiceach|dúil]] uimhir a 98, agus is í an [[Siombail cheimiceach|tsiombail]] a sheasann dó sna foirmlí ceimiceacha ná '''Cf'''. Táirgeadh an chéad eiseamal calafoirniam in Ollscoil California, Berkeley, thiar sa bhliain 1950 trí chiúiriam a bhombardú le halfa-cháithníní (núicléis héiliam). Ba é an calafoirniam an séú dúil thrasúránach a sintéisíodh, agus é ar ceann de na dúile is troime a ndearnadh eiseamal inmheáite díobh. Fuair sé a ainm ón stát agus ón ollscoil inar táirgeadh an chéad uair é.
 
Is achtanóideach trasúránach é an calafoirniam, agus mar sin, ní díol iontais é nach bhfuil oiread is aon [[iseatóp]] cobhsaí amháin aige - dúil radaighníomhach é. Is é <sup>251</sup>Cf an t-iseatóp is fadsaolaí, nó tá sé 898 mbliana ar [[leathré]].
 
Miotal lonrach insínte é an calafoirniam, ach tagann smúit ocsaíde air agus é ag imoibriú le [[ocsaigin|hocsaigin]] an aeir. Tá sé chomh radaighníomhach is nach bhfuil sé furasta taighde a dhéanamh ar a shaintréithe ceimiceacha, ach is dócha go bhfuil sé cosúil leis an [[diospróisiam]], an lantanóideach atá suite taobh thuas den chalafoirniam sa [[tábla peiriadach]].
 
Ní féidir teacht ar an gcalafoirniam sa dúlra, cé go bhfuil sé incheaptha go bhfuil iarsmaí mionbheaga de le fáil sna mianraí [[úráiniam]]. Is léir nach bhfuil ról ar bith ag dúil chomh tearc, chomh radaighníomhach sin sna horgánaigh bheo. A mhalairt ar fad, is dual don chalafoirniam carnadh sna cnámha agus dochar tromchúiseach a dhéanamh don smior cnáimhe.
 
{{síol}}