An difríocht idir athruithe ar: "Lev Kopelev"

Content deleted Content added
Is é "chuaigh sé sna saighdiúirí" an gnáthleagan i litríocht na Gaeltachta. Níl aon locht ar "agus é ina bhuachaill óg", ach is teilgean cainte é "ina bhuachaill óg dó" a ghiorraíonn an friotal.
No edit summary
Líne 8:
 
Sa bhliain 1989, fuair Kopelev cead isteach sa Rúis arís, ach nuair a thaistil sé ar fud na tíre, agus é ag dul ar cuairt chuig seanchairde, bhraith sé mar chomhthíoch, mar gheall ar an dóigh ar athraigh an seanfhód idir an dá linn. D'fhill sé go dtí an Ghearmáin, agus chaith sé deireadh a shaoil i g[[Köln]].
 
==Saothar==
 
* Хранить вечно (Béarla: ''To Be Preserved Forever'', Gearmáinis: ''Aufbewahren für alle Zeit''.) Leabhar dírbheathaisnéise faoin am a chaith sé ina shaighdiúir agus ina oifigeach bolscaireachta, agus faoin dóigh ar gabhadh is ar cimíodh é.
 
* И сотворил себе кумира (Béarla: ''The Education of a True Believer'', Gearmáinis: ''Und schuf mir einen Götzen''). Leabhar dírbheathaisnéise faoina chéad óige, agus é ag cur síos ar an dóigh a ndeachaigh sé leis an gCumannachas faoi thionchar na scoile Sóivéadaí.
 
* Утоли моя печали (Béarla: ''Ease My Sorrows'', Gearmáinis: ''Tröste meine Trauer''). Leabhar dírbheathaisnéise faoin gcuid eile dá bhlianta sa phríosún agus faoin dóigh ar tháinig sé amach sa deireadh.
 
* О правде и терпимости (Béarla: ''No Jail for Thought'')
 
* Святой доктор Федор Петрович (Gearmáinis: ''Der heilige Doktor Fjodor Petrowitsch''). Scéal an Dochtúra [[Friedrich-Joseph Haass]]. Dochtúir Gearmánach a bhí ann a chuaigh ag obair sa Rúis, áit ar chuidigh sé leis na bochtáin agus leis na príosúnaigh ag tabhairt leighis agus sóláis dóibh.