An difríocht idir athruithe ar: "Raymond Chandler"
Content deleted Content added
No edit summary |
No edit summary |
||
Líne 1:
Scríbhneoir scéalta bleachtaireachta agus scriptscríbhneoir scannán a bhí i '''Raymond Thornton Chandler''', a rugadh i Chicago ar an 23 Iúil 1888 agus a fuair bás i San Diego ar an 26 Márta 1959. Bhí an-tionchar ag a stíl "chruabhruite", mar a deirtear, ar na scéalta bleachtaireachta, ar an gcineál daoine a bhíonn le feiceáil iontu agus ar an gcineál stíle a chleachtar iontu inniu. Is é príomhlaoch a chuid scéalta, Philip Marlowe, ionchollú an "bhleachtaire phríobháidigh" mar a shamhlaítear dúinn inniu é.
==A Shaol==
Cé gur rugadh sna Stáit Aontaithe é, chaith sé blianta a óige i Sasana. Thréig a athair - innealtóir a bhí ina alcólach - a theaghlach, agus chuaigh máthair Raymond, bean Éireannach, ar ais go dtí an Ríocht Aontaithe in éineacht lena mac. Ba é deartháir na máthar a choinnigh bia agus beatha leo. Ina fhear óg dó d'fhill Raymond go Meiriceá ag iarraidh a áit féin a aimsiú sa saol. Liostáil sé sna saighdiúirí sa Chéad Chogadh Domhanda, agus chaith sé seal ag troid. I ndiaidh an chogaidh, d'fhill sé go Los Angeles, agus rinne sé staidéar ar chuntasóireacht le jab seasta a fháil. Phós sé bean a bhí ocht mbliana déag ní ba sine ná é. Sna 1930idí, nuair a chaill sé a jab de dheasca na ndeacrachtaí a bhí aige leis an mbiotáille, thosaigh sé ag scríobh scéalta [[Garrfhicsean|garrfhicsin]] lena chuid a shaothrú. D'éirigh leis an scríbhneoireacht, agus sna 1940idí, thosaigh sé ag obair ina scriptscríbhneoir i Hollywood. Fuair a bhean chéile bás sa bhliain 1954. ▼
▲Cé gur rugadh sna Stáit Aontaithe é, chaith sé blianta a óige i Sasana. Thréig a athair - innealtóir a bhí ina alcólach - a theaghlach, agus chuaigh máthair Raymond, bean Éireannach, ar ais go dtí an Ríocht Aontaithe in éineacht lena mac. Ba é deartháir na máthar a choinnigh bia agus beatha leo. Ina fhear óg dó d'fhill Raymond go Meiriceá ag iarraidh a áit féin a aimsiú sa saol. Liostáil sé sna saighdiúirí sa Chéad Chogadh Domhanda, agus chaith sé seal ag troid. I ndiaidh an chogaidh, d'fhill sé go Los Angeles, agus rinne sé staidéar ar chuntasóireacht le jab seasta a fháil. Phós sé bean a bhí ocht mbliana déag ní ba sine ná é. Sna 1930idí, nuair a chaill sé a jab de dheasca na ndeacrachtaí a bhí aige leis an mbiotáille, thosaigh sé ag scríobh scéalta [[Garrfhicsean|garrfhicsin]] lena chuid a shaothrú. D'éirigh leis an scríbhneoireacht, agus sna 1940idí,
Ní raibh sé ina dhuine shona riamh. Bhí sé ina dhruncaire, cosúil lena athair roimhe, agus dúlagar intinne ag goilleadh air. Chuaigh na deacrachtaí seo chun olcais i ndiaidh bhás a mhná céile. Bhí sé mór le cúpla bean ina dhiaidh sin, ach ní raibh mórán maithe sna cumainn seo, agus bhí níos mó ná bean amháin ag déanamh gur homaighnéasach a bhí ann agus é á shéanadh féin.
==A Shaothar==
Scríobh sé cuid mhór scéalta, ach is iad na húrscéalta ''The Big Sleep'' agus ''The Long Goodbye'' na cinn ba mhó a thuill clú dó.Is é an locht is mó a fhaightear ar a chuid scéalta nach raibh bua na plotála aige - rinne sé praiseach den phlota go minic - agus ní thaitníonn an stiúir mhadrúil a bhíonn faoi le cách ach an oiread. Ón taobh eile de, tá féith liriciúil ann a chuireann ar a chumas áiteanna agus timpeallacht na n-imeachtaí a chur os comhair an léitheora ar dhóigh bheo bhíogúil.
|