An difríocht idir athruithe ar: "Réalteolaíocht"

Content deleted Content added
m róbat ag suimiú: krc:Астрономия
m róbat ag suimiú: so:Xiddigis ag mionathrú: fa:اخترشناسی; cosmetic changes
Líne 5:
Tá an réalteolaíocht ar ceann de na [[eolaíocht|heolaíochtaí]] is sine atá ann. Is dócha go raibh an duine réamhstairiúil féin i dtuilleamaí na réaltaí leis na treoracha a aimsiú agus é ag fánaíocht san [[fásach|fhásach]] nó ag [[seoltóireacht]] amuigh ar an teiscinn mhór. Bhí lucht réalteolaíochta éigin ag na cultúir is sine dá bhfuil aithne againn orthu, agus breathnuithe spéire idir lámhaibh acu go tráthrialta, ach tháinig na [[seandálaíocht|seandálaithe]] trasna ar ghléasra réalteolaíochta is sine ná na cultúir sin féin. Ón taobh eile de, níor tháinig an réalteolaíocht i gcrann mar bhrainse nua-aimseartha eolaíochta sular tógadh an chéad [[an teileascóp|teileascóp]]. Is féidir a rá gur craobhacha stairiúla réalteolaíochta iad an réaltmhéadracht, an loingseoireacht réaltach, an réalteolaíocht bhreathnaitheach, an fhéilireacht agus an [[astralaíocht]] féin, ach inniu, is gnách a shíleadh gurb ionann an réalteolaíocht nua-aimseartha agus an [[réaltfhisic]].
 
I rith na fichiú haoise, scoilt an réalteolaíocht ina dhá brainse, mar atá, an réalteolaíocht bhreathnaitheach agus an réalteolaíocht theoiriciúil. Is é an rud a bhíonn idir lámhaibh ag na réalteolaithe breathnaitheacha ná bailiú na sonraí agus a n-anailísiú de réir bhunphrionsabail na fisice. Maidir leis an réalteolaíocht theoiriciúil, díríonn sí ar fhorbairt na samhlacha eolaíocha - samhlacha ríomhbhunaithe nó ríomhchruthaithe iad go minic - le himeachtaí na [[spéir|spéire]]e agus an spáis a mhíniú is a chiallú. Tá an dá chineál réalteolaíochta ag cur le chéile go minic, ó bhíonn teoiricí de dhíth leis na breathnuithe a mhíniú, agus breathnóireacht ag teastáil leis na teoiricí a dheimhniú is a fhíorú.
 
Ceann den bheagán eolaíochtaí í an réalteolaíocht a bhaineann leas suntasach as obair na n-amaitéarach. Tá spéir na réaltaí fairsing go maith, agus ní féidir leis na réadlanna súil a choinneáil ar gach aon réalta ná ar gach aon chearn den spéir. Mar sin, is minic a thagann breathnuithe na réalteolaithe amaitéaracha isteach áisiúil ag an réalteolaí proifisiúnta, má tá rud éigin as an ngnáth tugtha faoi deara acu.
Líne 11:
Ní mór an réalteolaíocht a aithint thar an astralaíocht. Ní eolaíocht í an astralaíocht ach córas creidimh a ghlacann leis go bhfuil tionchar ag na reanna neimhe ar shaol na ndaoine.
 
== An Téarma Féin ==
 
Tá an focal [[Gaeilge]] ''réalteolaíocht'' bunaithe ar "[[réalta]]" ("réalt" an leagan a úsáidtear i gcanúintí áirithe, "reult" an seanlitriú) agus ar "eolaíocht". Ina lán teangacha eile, ar nós an Bhéarla agus na Gearmáinise, baintear úsáid as an téarma ''astronomy'', ''Astronomie'' agus araile, a fuarthas ón n[[Gréigis]] ἄστρον ("réalta") agus νόμος ("dlí" nó "cultúr") agus a chiallaíonn "dlí na réaltaí", is é sin, na dlíthe nádúrtha a stiúrann na réaltaí agus a ngluaiseachtaí ar an spéir.
 
Maidir leis an téarma "réaltfhisic", is í an difríocht idir an réaltfhisic agus an réalteolaíocht, de réir an fhoclóra, ná go bhfuil an réalteolaíocht ag plé leis na réada taobh amuigh d'atmaisféar an Domhain, agus go bhfuil an réaltfhisic ag déanamh taighde ar iompraíocht agus ar thréithe fisiceacha na réad réalteolaíoch agus ar na próiseanna dinimiciúla a mbíonn na réada sin páirteach iontu. Inniu, áfach, is beag réalteolaí nach dtéann i dtuilleamaí na fisice agus na [[matamaitic]]e le feiniméin na spéire a chiallú is a mhíniú, agus mar sin, bheadh sé chomh maith againn réaltfhisic a thabhairt ar gach sórt réalteolaíochta proifisiúnta a chleachtar inniu. Sna hollscoileanna, bíonn sé ag brath ar chúiseanna stairiúla go minic, cé acu a thugtar institiúid na réaltfhisice nó institiúid na réalteolaíochta ar an institiúid ina ndéantar taighde ar cheisteanna réalteolaíochta. Thairis sin, is minic a bhain réalteolaí proifisiúnta céim amach san fhisic ar dtús, ionas nach ndeachaigh sé leis an réalteolaíocht ach ina dhiaidh sin. ''Astronomy and Astrophysics'' is teideal do cheann de na hirisleabhair is tábhachtaí ina bhfoilsítear torthaí taighde réalteolaíochta.
 
== Stair ==
 
Ar dtús, ní raibh i gceist leis an réalteolaíocht ach na daoine a bheith ag baint lán a súl as na réaltaí agus ag iarraidh eolas éigin a chur i dtoll le chéile fúthu ar an dóigh seo. Tógadh struchtúir anseo agus ansiúd a raibh baint éigin acu leis an réalteolaíocht agus leis an bhféilireacht, mar a chreidtear inniu. Is dócha, mar shampla, go mbaintí úsáid as [[Stonehenge]] le céim éigin a choinneáil le himeacht an ama agus leis an lá ceart a aithint leis na síolta a chur nó leis na barraí a bhaint.
Líne 25:
Roimh lá an teileascóip féin, bhí na réalteolaithe in ann fionnachtana tábhachtacha a dhéanamh. Míle bliain roimh [[Íosa Críost|Chríost]], d'fhéach na réalteolaithe [[an tSín|Síneacha]] le claonadh aise an [[an Domhan|Domhain]] (claonadh an éicliptigh) a mheas an chéad uair. Ba iad na Caildéigh ba túisce a d'aithin go n-uraítear [[an Ghealach]] go tráthrialta de réir ciogal ar leith (nó sáras, mar a thugtar air).
 
== An Réalteolaíocht Bhreathnaitheach ==
 
=== An Radairéalteolaíocht ===
 
=== An Réalteolaíocht Infridhearg ===
 
=== An Réalteolaíocht Optúil ===
 
=== An Réalteolaíocht Ultraivialait ===
 
=== An Réalteolaíocht X-ghathach ===
 
=== An Réalteolaíocht Gháma-Ghathach ===
 
=== An Cineál Réalteolaíochta Nach bhFuil Bunaithe ar an Speictream Leictreamhaighnéadach ===
 
== An Réalteolaíocht Theoiriciúil ==
 
== Brainsí Sainiúla na Réalteolaíochta ==
 
=== Réalteolaíocht na Gréine ===
 
=== Réalteolaíocht na bPláinéad ===
 
=== An Réalteolaíocht Réaltach ===
 
=== Réalteolaíocht na Réaltraí ===
 
=== An Réalteolaíocht Eachtar-Réaltrach ===
 
=== An Chosmeolaíocht ===
 
== An Réalteolaíocht agus na hEolaíochtaí Eile ==
 
== An Réalteolaíocht Amaitéarach ==
 
== Ceisteanna Tábhachtacha sa Réalteolaíocht ==
 
== Féach ar ==
Líne 73:
 
{{stumpa}}
 
 
[[Catagóir:Réalteolaíocht|*]]
Line 120 ⟶ 119:
[[eu:Astronomia]]
[[ext:Astronomia]]
[[fa:ستاره‌شناسیاخترشناسی]]
[[fi:Tähtitiede]]
[[fiu-vro:Tähetiidüs]]
Line 211 ⟶ 210:
[[sl:Astronomija]]
[[sm:Astronomy]]
[[so:Xiddigis]]
[[sq:Astronomia]]
[[sr:Астрономија]]