An difríocht idir athruithe ar: "Ré na Práinne"

358 bytes added ,  9 mbliana ó shin
no edit summary
m (róbat ag suimiú: nl:Noodtoestand (Ierland))
 
 
Bhí go leor cúiseanna leis an neodracht seo. Mar gheall ar an gcríochdheighilt, bhí go leor daoine sa tír a shíl gur cheart an deis a thapú chun Tuaisceart Éireann a ghabháil ar ais agus [[Sasana]] i gcruachás. Bheadh sé deacair, go polaitiúil, seasamh oscailte a ghlacadh ar son na gComhghuaillithe. Ar chúiseanna praiticiúla, thug rialtas [[Éamon de Valera]] tacaíocht rúnda do na Comhghuaillithe in aghaidh na [[An Ghearmáin|Gearmáine]]. Mar shampla, d'imtheorannaíodh údaráis na hÉireann saighdiúirí agus eitleoirí ón dá thaobh, má fuair siad iad féin in Éirinn, ach de ghnáth, chuidigh na hÉireannaigh leis na Sasanaigh faoi choim Tuaisceart Éireann a bhaint amach, ionas go bhféadfaidís dul le cogaíocht arís.
 
De réir mar a deir [[Thomas Hennessy]] ina leabhar ''[[The History of Northern Ireland]]'', bhí polaiteoirí ceannasacha Thuaisceart Éireann scanraithe as a meabhair ag [[Adolf Hitler|Hitler]], agus iad suite siúráilte go raibh an [[Naitsíochas]] ag iarraidh an [[Críostaíocht|Chríostaíocht]] agus an gnáthchuibheas daonna féin a chur de dhroim an tsaoil. Bhí an [[Tiarna Craigavon]], a fuair bás sa bhliain 1940, ag cur na ceiste air féin, laethanta deireanacha ana tsaoilshaoil, an mbeadh sé sásta [[An Teorainn Éireannach|an Teorainn]] a chur ar ceal agus Éire a athaontú, dá rachadh de Valera chun cogaidh in éadan na Gearmáine. Is é an tátal a bhain sé féin as an scéal go mbeadh, b'fhéidir. Mar a thiontaigh na cúrsaí amach, áfach, ní raibh na h[[Aontachtóirí]] i bhfad ag cromadh ar a gcuid seansciolladóireachta faoi fheall na g[[Caitliceach]], ó d'fhan an chuid eile d'Éirinn neodrach. Sa deireadh, ní dhearna an cogadh ach méadú agus athneartú ar a seandearcadh frith-Chaitliceach.
 
Bhí ciondáil i bhfeidhm sa tír de dheasca an ghanntanais, agus seiftiúlacht de dhíth ar an stát chomh maith leis an saoránach. Baineadh an-úsáid as na portaigh chun [[móin]] a sholáthar do na bailte móra. Go dtí sin, bhí an tír go mór i dtuilleamaí an ghuail a bhí á iomportáil ón m[[An Bhreatain Mhór|BhreatainBreatain Mhór]]. Sampla is ea é seo den dóigh ar tharraing muintir na hÉireann ar acmhainní a dtíre féin, nuair a bhí an soláthar ó na tíortha eile ag rith gann.
 
Bhí an meon féinchothaitheach, neamhspleách seo le haithint i gcúrsaí an chultúir freisin. Chuir muintir na hÉireann spéis nua i gcultúr dúchasach na tíre, an [[Gaeilge|Ghaeilge]] san áireamh, agus tháinig eagraíochtaí nua Gaeilge ar an bhfód, go háirithe [[Glúin na Buaidhe]] (leagan [[Gaeilge Uladh|Ultach]] é sin; "Glúin an Bhua" a deirtear sa chaighdeán) a raibh [[Gearóid Ó Cuinneagáin]] agus [[Proinsias Mac an Bheatha]] inai bungceannas uirthi. Craobh de chuid [[Conradh na Gaeilge|an Chonartha]] a bhí ann ar dtús, [[Craobh na hAiséirí]].
 
Méadaíodh an [[Arm na hÉireann|tArm]] go mór. Bhí na céadta míle daoine óga páirteach san [[Fórsa Cosanta Áitiúil|Fhórsa Cosanta Áitiúil]] chomh maith, agus iad ar an airdeall in aghaidhroimh ionradh ó gach taobh. Nuair a bhí an cogadh thart bronnadh boinn chuimhneacháin orthu aagus na raibhfocail "Ré na Práinne" scríofa orthu i n[[Gaeilge]].
 
D'imtheorannaigh na húdaráis lucht leanúna an [[IRA]] ar feadh an chogaidh. Bunaíodh campa géibhinn dóibh i g[[Curach Chill Dara]], agus iad á gcoinneáil ansin go deireadh an chogaidh. Bhí [[Máirtín Ó Cadhain]] ansin chomh maith le duine, agus chaith sé an t-am ag cumadh an úrscéil cháiliúil úd [[Cré na Cille]]. Is féidir an t-úrscéal a léamh mar mheafar ar bhlianta an bhraighdeanais.