An difríocht idir athruithe ar: "Stáit an Phápa"

Content deleted Content added
m róbat ag suimiú: ka:პაპის ოლქი
m róbat ag mionathrú: th:รัฐพระสันตะปาปา; cosmetic changes
Líne 1:
[[FileÍomhá:PapalStates1700.png|thumb|Stáit an Phápa sa bhliain 1700]]
Is ionann '''Stáit an Phápa''' ([[Iodáilis]]: ''Stati Pontificii'') - nó ''Stát na hEaglaise'' (''Stato della Chiesa'') - agus tailte an [[Pápa|Phápa]] san [[An Iodáil|Iodáil]] ón [[6ú haois|séú haois]] go dtí an [[Risorgimento]] agus aontú na hIodáile in aon stát amháin faoi cheannas Ríocht na Sairdíne agus Piemonte sa bhliain 1861. Bhí an Pápa ábalta an [[Róimh]] a choinneáil aige ina dhiaidh sin féin, ó bhí trúpaí Francacha ag cosaint na cathrach ar choinscleo na náisiúnaithe Iodálacha, ach sa bhliain 1870, bhris cogadh amach idir [[an Fhrainc]] agus [[an Phrúis]], agus ó bhí na saighdiúirí ag teastáil i bpáirc an áir, d'fhág na Francaigh an Róimh ag na hIodálaigh.
 
Ní hionann [[Cathair na Vatacáine]] agus sean-Stáit an Phápa, nó níor bunaíodh an Vatacáin ach sa bhliain 1929, de réir [[Conradh na Lataráine|Chonradh na Lataráine]] idir [[Benito Mussolini]] agus an Pápa [[Pius XII]].
 
== Stair ==
 
Sa tséú haois, d'éirigh leis an Impireacht Bhiosántach seilbh a ghlacadh ar shlabhra de chathracha i dtuaisceart na hIodáile, ó Ravenna go dtí an Róimh. Ní raibh na Biosántaigh in ann a gcumhacht a chur i bhfeidhm ar an Iodáil go léir, agus mar sin, thit cuid mhór den chumhacht le heaspag na Róimhe - an Pápa - ó ba eisean an tiarna talún ba mhó sa réigiún. Cé go raibh sé, go teoiriciúil, dílis don Bhiosáint, bhí sé ag rialú Dhiúcacht na Róimhe (arb ionann í, a bheag nó a mhór, agus cúige stairiúil Lazio ná Latium) mar a bheadh monarc ann. Nuair a scaoil an Bhiosáint a greim den Iodáil sa bhliain 751, chuaigh an Pápa Stiofán a Dó ar lorg cuidiú ó Pheipín Beag, a bhí ag rialú Ríocht na bhFranc, lena chumhacht a choinneáil. Sna blianta 754 agus 756, d'fhorghabh Peipín tuaisceart na hIodáile, agus bhronn sé tailte iar-Bhiosántacha na hIodáile ar an bPápa ([[Tabhartas Pheipín]]). Sa bhliain 781, shocraigh Séarlas Mór teorainneacha Stáit an Phápa: gheobhadh an Pápa Ravenna, na Cúig Cathracha nó ''Pentapolis'' ar chósta thoir na hIodáile (Ancona, Fano, Pesaro, Rimini agus Senigallia), codanna de Dhiúcacht Benevento, den [[An Tuscáin|Tuscáin]], den [[An Chorsaic|Chorsaic]] agus den [[An Lombaird|Lombaird]], chomh maith lena lán cathrach san Iodáil. Sa bhliain 800 AD shroich comhoibriú an Phápa agus an Impire Naofa a bhuaicphointe, nuair a chorónaigh an Pápa Leon a Trí an tImpire Séarlas Mór.
Líne 55:
[[sr:Папска држава]]
[[sv:Kyrkostaten]]
[[th:อาณาจักรรัฐพระสันตะปาปา]]
[[tr:Papalık Devleti]]
[[uk:Папська держава]]