Is é an t-'''aigéad beansóch''' C<sub>6</sub>H<sub>5</sub>COOH an t-[[Aigéid charbocsaileacha|aigéad carbocsaileach]] [[Hiodracarbóin aramatacha|aramatach]] is simplí ó thaobh an struchtúir de. I móilín an aigéid bheansóch, tá an grúpa carbocsaileach -COOH ceangailte don fháinne [[Beinséin|beinséine]] C<sub>6</sub>H<sub>5</sub>-. Solad neamhdhaite criostalta é faoin ngnáthbhrú agus leis an ngnáth-theocht. Tá sé 122.12 g/mol ar [[Mais mhóilíneach|mhais mhóilíneach]], agus 1.32 g/cm<sup>3</sup> ar dhlús. Is é an leáphoint atá aige ná 395 K, nó 122.4 céim Celsius, agus sroicheann sé a ghalphointe ag 522 K, nó 249 céim Celsius. Tá sé réasúnta intuaslagtha san uisce te, ach ní féidir níos mó 3.4 g den aigéad bheansóch a thuaslagan san uisce le teocht an chúig chéim Celsius fichead.
Úsáidtear an t-aigéad beansóch agus a chuid salann, go háirithe beansóáit an tsóidiam, mar chaomhnóir bia. Amhábhar tábhachtach is ea é an t-aigéad beansóch ag an tionsclaíocht cheimiceach chomh maith, lena lán comhdhúile casta orgánacha a shintéisiú.