An difríocht idir athruithe ar: "Cánacht na Crimé"

Content deleted Content added
m róbat ag suimiú: pnb:قریم یورتی
m róbat ag suimiú: mn:Крымын ханлиг; cosmetic changes
Líne 15:
Bhí tradáil na ndaor ar ceann de na slite beatha ba tábhachtaí ag an gCánacht. Ba nós leis na Cáin agus leis na fir uaisle sluaíochtaí a ghléasadh le daoine a cheapadh sna machairí móra agus a dhíol in aonach na ndaor. Uaireanta, chuaigh fir uaisle ag ceapadh daor beag beann ar thoil an Cháin, agus fiú i ndiúnas ar na conarthaí síochána a bhí i bhfeidhm faoi láthair. Creidtear gur fhuadaigh na Tataraigh Chriméacha trí mhilliún duine ar fad, Úcráinigh an chuid ba mhó acu, fad is a mhair an Chánacht. An t-eagar míleata a chuir na [[Cosacaigh]] orthu féin, freagra a bhí ann, go bunúsach, ar bhagairt na Cánachta.
 
San ochtú haois déag, bhí an Rúis - is é sin, Prionsacht Mhoscó - éirithe róláidir ag na Tataraigh Chriméacha, agus thosaigh an Chánacht ag titim as a chéile de dheasca na gcoimhlintí inmheánacha. Na cogaí a chuir an Rúis ar an Impireacht Otamánach, b'é ba toradh dóibh gur ghéill an Sabhdán Otamánach, i gconradh síochána Küçük Kaynarca sa bhliain [[1774]], an Chánacht ar fad don Rúis mar choimirceas. D'fhág an conradh seo an Cán deireanach de theaghlach Giray i gceann na Cánachta, ach níor mhair sé ansin i bhfad. Chuaigh coimhlintí inmheánacha polaitiúla na Cánachta i ngéire agus phléasc cogadh cathartha amach, agus sa bhliain [[1783]], chuir Caitríona Mhór, Banimpire na Rúise, ladar míleata sa chogadh seo. Chuir sí an Chánacht go léir de dhroim an tsaoil agus rinne sí cúige Rúiseach - ''Таврия/Tavriya'' - di, agus d'éalaigh an Cán, Şahin Giray, go dtí an Tuirc Otamánach.
 
[[Catagóir:Stair na Rúise]]
Líne 46:
[[ko:크림 한국]]
[[lv:Krimas haniste]]
[[mn:Крымын ханлиг]]
[[nl:Kanaat van de Krim]]
[[no:Krim-khanatet]]