An difríocht idir athruithe ar: "Antamón"

Content deleted Content added
mNo edit summary
No edit summary
Líne 13:
 
Is miotalóideach é an t-antamón, is é sin, dúil atá cineál idir eatarthu idir miotal agus neamh-mhiotal. Tá ceithre allatróp ag an antamón: an t-antamón miotalach, an t-antamón buí, an t-antamón dubh, agus an t-antamón pléascach. Is é an t-allatróp miotalchosúil an ceann is cobhsaí acu, nó tá sé de chlaontacht sna cinn eile claochlú go miotal.
 
Tá antamón an dúlra comhdhéanta as dhá iseatóp chobhsaí, mar atá, <sup>121</sup>Sb (57.36 % den antamón nádúrtha) agus <sup>123</sup>Sb (42.64 %). Is é <sup>125</sup>Sb an raidiseatóp is tábhachtaí, agus é dhá bhliain agus naoi mí ar leathré, a bheag nó a mhór.
 
Dealraíonn sé go bhfuil aithne ag an gcine daonna ar an antamón leis na cianta cairbreacha anuas, nó tá na seandálaithe tar éis teacht ar dhéantúsáin antamóin nó antamónbhrataithe ón tríú mílaois roimh bhreith Chríost. Tá sé ina ábhar conspóide, áfach, cé a thug an chéad chur síos ar tháirgeadh an antamóin atá fágtha againn. Dealraíonn sé go bhfuil an chéad oideas miotalóireachta don antamón sa leabhar úd ''De la pirotechnia'' a scríobh an tIodálach Vannoccio Biringuccio sa bhliain 1540.
 
Is iad +3 agus +5 uimhreacha ocsaídiúcháin an antamóin ina chuid comhdhúl.
 
Úsáidtear antamón sna cóimhiotail agus sna leathsheoltóirí.
 
Nimh is ea an t-antamón, agus é ag oibriú ar an orgánach cosúil leis an arsanaic.
 
{{síol}}