An difríocht idir athruithe ar: "Na hAlcólaigh gan Ainm"

Content deleted Content added
No edit summary
No edit summary
Líne 4:
 
Is é dearcadh na gluaiseachta ná nach bhfuil sí ag iarraidh aon tuiscint ar leith ar an andúil alcóil a chur chun cinn thar theoiricí eile: is é tasc na ndochtúirí agus na síciatraithe é, agus níl sé faoi eagraíocht gluaiseachta féinchabhrach cosúil leis na hAA. Mar sin féin, glactar leis gurbh iad na hAlcólaigh gan Ainm a theagasc don tsaol mhór gur galar é an t-alcólachas - cé go raibh Bill W. fein in aghaidh na tuisceana seo. Is é dearcadh Cumann Síciatraithe na Stát Aontaithe, mar shampla, gur chóir don druncaeir dul faoi chóir leighis san am chéanna agus atá sé ag freastal ar ghrúpa féinchabhrach de chuid na nAlcólach gan Ainm, go háirithe más alcólachas ainsealach faidréiseach atá i gceist. Admhaíonn na hAlcólaigh gan Ainm féin go n-éiríonn 64 % de bhaill na ngrúpaí féinchabhrach as i rith an chéad bhliain, ach mar sin féin, glactar leis go bhfuil a lán daoine in ann staonadh ón alcól agus iad i dtuilleamaí chlár oibre na nAlcólach gan Ainm.
 
==Dhá Chéim Déag na nAlcólach gan Ainm==
 
* Caithfidh tú a admháil nach bhfuil tú in ann srianta a choinneáil leat agus go bhfuil an saol ag dul ó smacht ort, toisc go bhfuil tú ag ól barraíocht biotáille.
 
* Caithfidh tú glacadh leis go bhfuil cumhacht is mó ná tú féin de dhíth le do shlánchiall a thabhairt ar ais duit.
 
* Caithfidh tú tú féin a ghéilleadh don chumhacht seo, nó do Dhia, ''mar a thuigeann tú féin coincheap Dé''.
 
* Caithfidh tú tú féin a mheá ó thaobh na moráltachta is an mhisnigh de.
 
* Caithfidh tú a admháil - leat féin, le Dia agus le duine eile - an dóigh a ndearna tú praiseach de do shaol agus de shaol daoine eile.
 
* Caithfidh tú a cheadú do Dhia do lochtanna morálta a leigheas.
 
* Caithfidh tú ainmneacha na ndaoine a bhreacadh síos a ndearna tú praiseach dá saol, agus a bheith sásta an éagóir sin a chúiteamh leo.
 
* Caithfidh tú an cúiteamh sin a dhéanamh leo, más gá, agus mura ndéanfaidh sin tuilleadh dochair dóibh nó do dhaoine eile.
 
* Caithfidh tú cuntas morálta a dhéanamh ar do shaol feasta, agus má tá tú sa mhícheart, caithfidh tú é sin a admháil go réidh.
 
* Caithfidh tú marana nó urnaí a dhéanamh le dul i dteagmháil níos dlúithe le Dia ''mar a thuigeann tú féin É''. Is é an t-aon rud a iarrfaidh tú Air ná go dtaispeánfaidh Sé duit céard atá ceaptha Aige duit agus cad é is féidir leatsa a dhéanamh lenA thoil a chomhlíonadh.
 
* Má éiríonn leat múscailt spioradálta a fháil ar an dóigh seo, caithfidh tú an teachtaireacht a scaipeadh i measc na n-alcolach agus na prionsabail seo a chleachtadh ina bhfuil idir lámhaibh agat.