An difríocht idir athruithe ar: "Na hAlcólaigh gan Ainm"

Content deleted Content added
No edit summary
No edit summary
Líne 1:
Is éard atá i gceist leis na h'''Alcólaigh gan Ainm''' nó ''Alcoholics Anonymous'' ná gluaiseacht idirnáisiúnta féinchabhrach do na druncaeirí atá dírithe ar an lánstaonadh ón mbiotáille mar aidhm, is é sin, an duine a théann ar lorg cabhrach ón eagraíocht caithfidh sé éirí as ar dtús, agus na baill atá ag staonadh, is é cuspóir na gluaiseachta nach mblaisfidh siad den [[alcól]] a thuilleadh. Ba iad William Griffith Wilson (ar a dtugtar "Bill W." i litríocht na gluaiseachta) agus an dochtúir Robert Holbrook Smith ("Dr. Bob") a bhunaigh an ghluaiseacht in [[Akron]], [[Ohio]], sa bhliain 1935. In éineacht le luathbhaill eile na gluaiseachta, d'fhorbair Bill agus Bob clár oibre na nAlcólach gan Ainm agus é dírithe ar fhorbairt spioradálta agus intleachtach an charachtair, an Dá Chéim Déag. Is iad an Dá Thraidisiún Déag na moltaí atá ag na hAlcólaigh gan Ainm dá gcuid grúpaí féinchabhrach, moltaí a chuireann béim ar leith air nár chóir aon duine a lua ina ainm (ar eagla go dtarraingeofaí náire phoiblí air) agus nár chóir aon duine i gcruachás a chur ó dhoras. Cuid de na traidisiúin é freisin go seachnaíonn na hAlcólaigh gan Ainm gach dlúthbhaint le dogma, le [[polaitíocht]] agus le modh céimiúil eagraíochta. Bunaíodh gluaiseachtaí eile in aithris ar na hAlcólaigh gan Ainm le cineálacha eile andúile a throid, go háirithe na hAndúiligh Drugaí gan Ainm, nó ''Narcotics Anonymous''.<ref>{{cite journal |title=Twelve-Step and Mutual-Help Programs for Addictive Disorders|journal=Psychiatric Clinics of North America|volume=22 |issue=2 |page=425 |year=1999 |doi=10.1016/S0193-953X(05)70085-X |pmid=10385942 |last1=Chappel |first1=JN |last2=Dupont |first2=RL}}</ref> Ghlac na gluaiseachtaí seo le prionsabail na nAlcólach gan Ainm ina gcuid oibre féin.
 
Ar dtús, ní raibh ach [[Protastúnachas|Protastúnaigh]] páirteach sa ghluaiseacht, nó ní dheachaigh an chéad [[Caitliceachas|Chaitliceach]] san AA roimh an mbliain 1939.<ref>{{cite book | title=Not God: A History of Alcoholics Anonymous, Trade paperback | author= Kurtz, Ernest |year=1991 |publisher=Hazelden Publishing & Educational Services ISBN 0894860658 }}</ref> Ina dhiaidh sin, áfach, chuaigh na hAA ar fud an domhain, agus glacadh leis an mbunsmaoineamh ina lán tíortha agus cultúr eile, fiú go tíortha ina bhfuil na húdaráis drochamhrasach i leith eagraíochtaí a bhunaíonn na saoránaigh as a stuaim féin.
 
Is é dearcadh na gluaiseachta ná nach bhfuil sí ag iarraidh aon tuiscint ar leith ar an andúil alcóil a chur chun cinn thar theoiricí eile: is é tasc na [[Dochtúir leighis|ndochtúirí]] agus na [[síciatraí|síciatraithe]] é, agus níl sé faoi eagraíocht gluaiseachta féinchabhrach cosúil leis na hAA. Mar sin féin, glactar leis gurbh iad na hAlcólaigh gan Ainm a theagasc don tsaol mhór gur galar é an t-alcólachas - cé go raibh Bill W. fein in aghaidh na tuisceana seo. Is é dearcadh Cumann Síciatraithe na Stát Aontaithe, mar shampla, gur chóir don druncaeir dul faoi chóir leighis san am chéanna agus atá sé ag freastal ar ghrúpa féinchabhrach de chuid na nAlcólach gan Ainm, go háirithe más [[alcólachas]] ainsealach faidréiseach atá i gceist. Admhaíonn na hAlcólaigh gan Ainm féin go n-éiríonn 64 % de bhaill na ngrúpaí féinchabhrach as i rith an chéad bhliain, ach mar sin féin, glactar leis go bhfuil a lán daoine in ann staonadh ón alcól agus iad i dtuilleamaí chlár oibre na nAlcólach gan Ainm.
 
==Dhá Chéim Déag na nAlcólach gan Ainm==
Líne 28:
 
* Má éiríonn leat múscailt spioradálta a fháil ar an dóigh seo, caithfidh tú an teachtaireacht a scaipeadh i measc na n-alcolach agus na prionsabail seo a chleachtadh ina bhfuil idir lámhaibh agat.
 
{{commonscat|Alcoholics Anonymous|Alcólaigh gan Ainm}}
==Tagairtí==
{{reflist}}
 
[[Catagóir:alcólachas]]
[[Catagóir:mí-úsáid alcóil]]
 
[[bg:Анонимни алкохолици]]
[[ca:Alcohòlics Anònims]]
[[da:Anonyme Alkoholikere]]
[[de:Anonyme Alkoholiker]]
[[en:Alcoholics Anonymous]]
[[et:Anonüümsed Alkohoolikud]]
[[es:Alcohólicos Anónimos]]
[[eo:Alkoholuloj Anonimaj]]
[[fa:الکلی‌های گمنام]]
[[fr:Alcooliques anonymes]]
[[gl:Alcólicos Anónimos]]
[[ko:익명의 알코올중독자들]]
[[hr:Anonimni Alkoholičari]]
[[id:Alcoholics Anonymous]]
[[iu:ᐃᒥᐊᓗᒃᑕᐃᓕᒪᓂᕐᒧᑦ ᐃᑲᔪᖃᑎᒌᒡᕕᒃ/imialuktailimanirmut ikajuqatigiigvik]]
[[is:AA-samtökin]]
[[it:Alcolisti Anonimi]]
[[he:אלכוהוליסטים אנונימיים]]
[[lt:Anoniminiai alkoholikai]]
[[hu:Anonim Alkoholisták]]
[[ml:ആൽക്കഹോളിക്സ് അനോണിമസ്]]
[[nl:Anonieme Alcoholisten]]
[[ja:アルコホーリクス・アノニマス]]
[[no:Anonyme alkoholikere]]
[[pl:Anonimowi Alkoholicy]]
[[pt:Alcoólicos Anónimos]]
[[ru:Анонимные алкоголики]]
[[szl:Anůńimowe Alkoholiki]]
[[sr:Анонимни алкохоличари]]
[[sh:Anonimni Alkoholičari]]
[[fi:AA-liike]]
[[sv:Anonyma Alkoholister]]
[[tr:Anonim Alkolikler]]
[[uk:Спільнота анонімних алкоголіків]]
[[zh:戒酒無名會]]