An difríocht idir athruithe ar: "Buamálacha Bhaile Átha Cliath agus Mhuineacháin"

Content deleted Content added
De réir an ghnáthchleachtais, cuirtear obair an tsabaitéara "Cuir Mise Locht ar na Tuistí" ar ceal.
Gnathcleachtais? Ag filleadh go na naisc.
Líne 1:
Is é an rud a bhí i gceist le '''buamálacha Bhaile Átha Cliath agus Mhuineacháin''' ná sraith ionsaithe sceimhlitheoireachta a rinneadh ar [[Baile Átha Cliath|Bhaile Átha Cliath]] agus ar [[Muineachán|Mhuineachán]] ar an 17ú lá de Mhí na Bealtaine, [[1974]]. Maraíodh triúr daoine déag is fiche sna hionsaithe seo, agus fágadh cneá, goin nó goimh ar bheagnach trí chéad duine, níos mó ná ar aon lá eile i stair [[na dTrioblóidí]]. Drong nárden mhaígh[[Óglaigh aonUladh]] eagraíochtagus arsaighdiúirí leithden freagracht[[Reisimint asCosanta na hionsaitheUladh]], glactara leisraibh goina coitiantagcónaí guri dreamtuaisceart paraimhíleata[[Contae éiginArd deMhacha]], chuida naraibh nDílseoirífreagrach ias d[[Tuaisceartna Éireann]]buamálacha. aFuair rinnesiad ancabhair obairón chomaltaí [[MI5]].
 
==Cróineolaíocht na n-imeachtaí==
 
Phléasc trí charrbhuama taobh istigh de chúig nóiméad ama i [[Sráid Parnell]], [[Sráid Talbot]], agus [[Sráid Laighean Theas]] i lárchathair Bhaile Átha Cliath. Go gairid ina dhiaidh sin, phléasc buama eile fós i [[Muineachán]].
* Ag leathuair i ndiaidh a cúig iarnóna: Phléasc trí bhuama beagnach san am céanna i Sráid Talbot, Sráid Parnell agus Sráid Laighean Theas. Fuair triúr daoine is fiche, idir fhir, mhná agus pháistí, bás sna pléascanna seo, agus shíothlaigh triúr eile san ospidéal i rith an chéad chupla lá tar éis na bpléasc.
::* Phléasc an chéad cheann den trí bhuama i mBaile Átha Cliath ag ocht nóiméad is fiche tar éis a cúig i Sráid Parnell. Fuair aon duine déag bás de dheasca an bhuama seo.
Líne 11:
 
De réir tuairiscí áirithe, fuair ceathrar déag is fiche nó cúigear déag is fiche bás ar fad. Is é an chéad fhigiúr a gheofar má chuirtear in áireamh go raibh Collette Doherty ag súil le breith, agus is féidir an páiste marbh a rugadh do Mhartha O'Neill a chur san áireamh chomh maith. Fuair Martha treascairt, agus maraíodh a fear céile Edward.
I dTuaisceart Éireann, d'fhógair [[Sammy Smyth]], a bhí ina phreasoifigeach do [[Chumann Cosanta Uladh]] ([[UDA]]) agus do [[Chomhairle Lucht Oibre Uladh]] ([[UWC]]) go raibh sé an-sásta leis na buamálacha:
 
:"I am very happy about the bombings in Dublin. There is a war with the Free State and now we are laughing at them."
:(Aistriúchán: "Tá ríméad orm faoin dóigh ar buamáladh Baile Átha Cliath. Tá muid i gcogadh leis an [[Poblacht na hÉireann|Saorstát]] agus anois, tá muid ag gáire fúthu.")<ref>De réir amlíne na n-imeachtaí atá curtha ar fáil ag CAIN [http://cain.ulst.ac.uk/othelem/chron/ch74.htm anseo]. Mharaigh na [[Sealadaigh]] Sammy Smyth dhá bhliain ina dhiaidh - tá cur síos CAIN ar fáil [http://cain.ulst.ac.uk/othelem/chron/ch76.htm anseo].</ref>
 
==I ndiaidh na n-imeachtaí==
===An clár teilifíse===
Fiche éigin bliain i ndiaidh na n-imeachtaí, rinne Teilifís Shír Eabhraic clár teilifíse faoi na buamálacha i gcomhoibriú le roinnt iar-oifigigh de chuid an [[Garda Síochána|Gharda Síochána]]. Thug an clár le tuiscint gurbh iad Óglaigh Uladh, nó [[UVF]], eagraíocht pharaimhíleata de chuid [[na nDílseoirí]], a rinne an bhuamáil. Is ar éigean a tháinig an méid sin aniar aduaidh ar aon duine, ach luaigh an clár sceimhlitheoirí de chuid an UVF ina n-ainmneacha, a maraíodh sna Trioblóidí idir an dá linn. Thairis sin, áfach, dúirt na Gardaí nach bhféadfadh na Dílseoirí buamálacha den chineál sin a chur i gcrích san am as a stuaim féin, nó thaispeáin an taighde fóiréinseach gur buamaí sofaisticiúla a bhí ann, chomh sofaisticiúil is go mbeadh cuidiú ó shaineolaí de dhíth ar na Dílseoirí lena leithéid a chur i dtoll le chéile. Is é an chiall a bhain na Gardaí faoi agallamh as an scéal go raibh seirbhísí faisnéise na Sasanach[[Sasana]]ch, nó daoine dá gcuidsean, ag déanamh claonpháirteachais leis na Dílseoirí. Tharraing an clár an-challán, go háirithe sa [[Dáil]].
 
===Tuarascáil Barron===
 
D'ordaigh Rialtas na hÉireann do bhreitheamh arbh ainm dó [[Henry Barron]] tuarascáil rúnda a scríobh faoi na buamálacha. De thoradh na tuarascála, cuireadh an iomad ceisteanna faoi, cén fáth a mbeadh Rialtas na hÉireann ag iarraidh an fhírinne a cheilt faoi ionsaithe sceimhlitheoireachta a bhí dírithe ar dhochar a dhéanamh do shíocháin na sochaí in [[Éirinn]] féin. Is iomaí teoiric a tháinig chun solais sna meáin chumarsáide, agus is é an míniú is inchreidte ná nach raibh cuid de na Gardaí ábalta glacadh leis go raibh fórsaí slándála na [[Breataine Móire]] ag cabhrú leis na sceimhlitheoirí.
 
Creidtear go bhfuair an Breitheamh Barron an-locht ar an dóigh ar fhiosraigh na Gardaí an scéal, go háirithe ar an diospóireacht faoi chúrsaí na fóiréinsice agus ar an iompairc faoin gcumhacht i measc na nGardaí san am. Is beag fianaise fhóiréinseach a fhágann na buamálacha ina ndiaidh. Mar sin, tá sé ardtábhachtach i gcásanna den chineál seo tástálacha tobanna a dhéanamh leis na substaintí a aithint a húsáideadh sa bhuama. D'fhág na Gardaí an obair faoi Shaotharlann Stáit na hÉireann, a bhí in anás maoiniú agus foirne san am. Mar sin féin, bhí sí in ann a chruthú gur buamaí sofaisticiúla a bhí i gceist, cé nach bhfuarthas na samplaí ach trí lá i ndiaidh na mbuamálacha. Ar chúiseanna nach dtuigtear go hiomlán, ní rabhthas muiníneach as torthaí Shaotharlann Stáit na hÉireann, agus cuireadh na samplaí chuig saotharlann fhóiréinseach i mBéalm[[Béal Feirste]]. Ní raibh foireann na saotharlainne sin go hiomlán ar aon fhocal le Saotharlann an Stáit, ach mura raibh, ní bhfuair siad na samplaí ach aon lá déag i ndiaidh na n-imeachtaí, rud a cháin siad ina dhiaidh sin ina dtuarascáil féin. Ba chóir samplaí den chineál seo a thaighde sula mbeadh sé uaire imithe ón mbuamáil, dar leo.
 
==Tagairtí==