An difríocht idir athruithe ar: "Mícheál Ó Coileáin"

Content deleted Content added
No edit summary
Líne 6:
==A Chéad Óige==
 
Saolaíodh Mícheál Ó Coileáin in aice le [[Cloich na Coillte]] in Iarthar Chorcaí sa bhliain [[1890]]. B'eisean dríodar an chrúiscín, agus tháinig beirt mhac agus cúigear deirféaracha roimhe. Níltear ar aon bharúil faoina bhreithlá, nó is é an dóú lá déag de Mhí Dheireadh Fómhair atá le léamh ar leac a uaighe, ach is é an séú lá déag a thugann lucht scríofa a chuid beathaisnéisí.
 
Taoisigh Ghaelacha[[Ghael]]acha i gCúige Luimní ab ea iad a chuid sinsear, ach nuair a chaill siad a gcuid tailte, fágadh ag saothrú talún iad. Ina dhiaidh sin féin, bhí an-tailte ag muintir Uí Choileáin, agus iad ina bhfeirmeoirí saibhre dá réir. Mar sin, nuair a rugadh an Coileánach, níorbh é an bochtanas a bhí i ndán dó go díreach, de réir na cuma a bhí ar na cúrsaí.
 
Chuaigh deirfiúr le Mícheál, Eibhlín, sna mná rialta, agus is é an t-ainm a ghlac sí uirthi ná an tSiúr Mary Celestine. Bhí sí ag obair ina múinteoir i [[Londain]].
 
Mícheál an t-ainm a bhí ar athair mo dhuine freisin. Chaith seisean seal snas[[na Fíníní]] nuair a bhí sé óg, ach ansin, d'fhág sé an ghluaiseacht le dul le feirmeoireacht.
 
Deirtear gur páiste cliste seanchríonna ab ea é Mícheál óg. Bhí an-fhaghairt ann, agus tholg sé an náisiúnachas go hóg ó ghabha na háite, Séamas Santry. Ní raibh príomhoide na Scoile Náisiúnta, Donncha Lyons, ag maolú ar an gclaonadh seo ach an oiread, nó bhí sé ina bhall de Bhráithreachas na Poblachta ([[IRB]]). Stócach láidir scafánta ab ea é an Coileánach, agus é an-tugtha do na lúthchleasa. Mar sin féin, bhí sé éirimiúil ó thaobh na hintleachta de, chomh maith.
 
I bhFeabhra na bliana [[1906]], chuaigh an Coileánach faoi scrúdú na Státseirbhíse, agus é cúig bliana déag d'aois. Le pas a fháil, mhol sé impireacht na Breataine Móire go hard na spéire in aiste a scríobh sé mar chuid den scrúdú.
 
Nuair a bhí an scoil críochnaithe aige, chuaigh Mícheál ag obair in Oifig an Phoist i Londain, ar nós go leor Éireannach eile. Fuair sé lóistín in árasán a dheirféara, Hannie (Siobhán).
 
Bhí sé naoi mbliana déag d'aois, nuair a chuaigh sé i mBráithreachas na Poblachta. B'é [[Somhairle Mag Uidhir]], [[Poblachtánach]] [[Protastúnach]] ó [[Chorcaigh]], a réitigh an bealach sin dó. Níor thóg sé deich mbliana air céimíocht cheannasach a bhaint amach dó san eagraíocht.
 
==Éirí Amach na Cásca==