An difríocht idir athruithe ar: "Mícheál Ó Coileáin"

Content deleted Content added
Líne 24:
==Éirí Amach na Cásca==
 
Bhain an Coileánach an chéad cháil amach dó féin le linn [[Éirí Amach na Cásca]] sa bhliain [[1916]]. Bhí an-scileanna aige i gcúrsaí eagraíochta, agus é cliste ar go leor bealaí eile freisin, rud a thabhaigh an-ómós dó ó bhaill eile an Bhráithreachais. Rinneadh comhairleoir airgeadais de don Chunta Pluincéad, athair [[Seosamh Pluincéad|Sheosaimh Phluincéid]], agus le linn an Éirí Amach, bhí sé ina aidiúnach don Phluincéadach óg.
 
Nuair a thosaigh an tÉirí Amach féin, throid an Coileánach gualainn ar ghualainn le Pádraic Mac Piarais ag Ard-Oifig an Phoist. Mar a tuigeadh do chuid mhaith daoine roimh ré, theip ar an Éirí Amach go hiomlán mar bheart cogaíochta. Ábhar sásaimh ab ea é dóibh go raibh éirí amach nó ceannairc ar bith ann, agus iad ina mhuinín go dtabharfadh íobairt fola na gceannairceoirí inspioráid do dhaoine eile cath a chur ar son na hÉireann arís agus arís eile. Ní raibh an Coileánach sásta leis an dearcadh seo ar aon nós. Cháin sé ciotaíl agus amaitéarachas an Éirí Amach, go háirithe an dóigh ar sealbhaíodh foirgnimh fheiceálacha, ar nós Ard-Oifig an Phoist féin, nó bhí sé deacair a leithéidí d'áiteanna a chosaint, agus, dá dtiocfadh ort, a thréigean, agus ní raibh sé furasta ach an oiread soláthar a choinneáil leo. Le linn [[Cogadh na Saoirse (Éire)|Chogadh na Saoirse]], d'áitigh sé ar na hÓglaigh gan "targaidí ina suí" a dhéanamh díobh féin trí fhoirgnimh den chineál sin a shealbhú. A mhalairt ar fad, chuir sé béim ar an treallchogaíocht. Bhunaigh sé díormaí ar leith, mar atá, [[Colúin Reatha]], le cogadh a chur ón eadarnaí. Bhíodh fir na gColún seo ag ionsaí go tobann agus ag éalú ó láthair an éachta chomh tobann céanna. Mar sin, coinníodh líon na dtaismeach lag, agus an cogadh ag éirí leis na hÉireannaigh.
 
Cosúil le cuid mhór acu siúd a ghlac páirt san Éirí Amach, gabhadh an Coileánach, agus bhí pionóis an bháis ag bagairt air ar feadh tamaill, go dtí gur tugadh go campa géibhinn [[Frongoch]] é. Ansin féin, thaispeáin sé go raibh comhábhair an cheannaire ann. Nuair a scaoileadh an chuid ba mhó de na cimí saor, bhí Mícheál Ó Coileáin ag fáil an lámh in uachtar ar [[Sinn Féin]] cheana. Ní raibh an páirtí leath chomh sáite san Éirí Amach agus a bhí bolscaireacht na Breataine Móire ag áitiú, ach nuair a chuaigh sé sa pháirtí, thosaigh an Coileánach ag glacadh buntáiste ar íomhá an náisiúnachais radacaigh a ghreamaigh de Shinn Féin de thoradh na bolscaireachta. Lena chuidiú féin, d'insíothlaigh na radacaigh an páirtí. I Mí Dheireadh Fómhair sa bhliain [[1917]], bhí an Coileánach ina bhall de choiste feidhmitheach Shinn Féin agus ina stiúrthóir cúrsaí eagraíochta ar [[Óglaigh na hÉireann]], agus Éamon de Valera i gceannas ar an dá eagraíocht sin.
 
==An Chéad Dáil==