An difríocht idir athruithe ar: "Mícheál Ó Coileáin"

Content deleted Content added
Líne 32:
==An Chéad Dáil==
 
Ar nós bhaill shinsearacha Shinn Féin ar fad, moladh an Coileánach mar iarrthóir in olltoghcháin na bliana [[1918]] le suíochán a lorg mar Fheisire i dTeachd[[Teach na dTeachtaí]] i Londain. Cosúil le formhór mór na n-iarrthóirí, vótáladh an Coileánach isteach. Bhí sé ina Fheisire do dháilcheantar [[Contae Ard Mhacha|Ard Mhacha]] Theas. Bhí sé fógartha ag Sinn Féin, áfach, nach nglacfadh Feisirí an pháirtí a gcuid suíochán i Westminster. Ina ionad sin, tháinig siad le chéile ina bpairlimint scartha in Éirinn - Dáil Éireann. Chruinnigh an Chéad Dáil seo i dTeachd[[Teach an Ardmhéara]] i mBailem[[Baile Átha Cliath]] i Mí Eanáir sa bhliain [[1919]]. Bhí Éamon de Valera agus roinnt Feisirí eile de chuid Shinn Féin gafa ag na Sasanaigh[[Sasana]]igh cheana. Nó is amhlaidh go bhfuair an Coileánach foláireamh óna ghréasán spiaireachta go raibh a leithéid ar na bacáin ag na húdaráis, ach nuair a nocht sé an fhaisnéis seo do Dev, d'áitigh sé siúd ar na Sinn Féinithe eile gan a dhath a shíleadh den rabhadh. Chreid sé nach rachadh a leithéid de shluaghabháil ach chun dochair do na Gaill cibé, nó bheadh an-ábhar bolscaireachta ann do na Gaeil. Nuair a fuair an oiread sin ceannairí iad féin faoi ghlas, áfach, is beag duine a fágadh deis acu an bholscaireacht sin a chraobhscaoileadh. Nuair a bhí Devde Valera sa phríosún, toghadh [[Cathal Brugha]] ina Phríomh-Aire, ach tháinig Dev ina áit, nuair a d'éalaigh sé as [[Príosún Lincoln]] i Mí Aibreáin sa bhliain 1919, le cuidiú an Choileánaigh.
 
Is iomaí trá a bhí le freastal ag an gCoileánach sa bhliain 1919. Sa samhradh, cuireadh i gceannas ar an [[IRB]] é. I Mí Mheán Fómhair, chuaigh sé i mbun Rannóg Faisnéise na nÓglach. Thosaigh [[Cogadh na Saoirse (Éire)|Cogadh na Saoirse]] ar an lá céanna agus a chéadchruinnigh an Dáil i Mí Eanáir sa bhliain 1919, nó b'ar an lá céanna a lámhach cathlán d'Óglaigh beirt saighdiúirí dubha a bhí ag gardáil coinsíneacht geiligníte ar [[an tSulchóid Bheag]] i gContaeg[[Contae Thiobraid Árann]]. Ní raibh orduithe faighte ag na hÓglaigh an t-éacht seo a dhéanamh.
 
==Ina Aire Airgeadais dó==