An difríocht idir athruithe ar: "Constáblacht Ríoga na hÉireann"

Content deleted Content added
m mionfheabhsú foclaíochta
Líne 16:
 
Nuair a thosaigh na náisiúnaithe Éireannacha ag éileamh [[Rialtas Dúchais]] sna blianta roimh an [[Chéad Chogadh Domhanda]], fuair na "saighdiúirí dubha" féin tuilleadh oibre le déanamh. Bhí an tsochaí á streachailt ag teannas láidir nuair a bhí an tríú [[Bille um Rialtas Dúchais]] á rith ag [[Pairlimint Westminster]], sa bhliain [[1912]]. Bhunaigh lucht cáinte an Bhille [[Óglaigh Uladh]] ([[UVF]]) i Mí Eanáir [[1913]], agus iad siúd a bhí ar son an Rialtas Dúchais, chuir siadsan bun le h[[Óglaigh na hÉireann]]. Bhí níos mó ná 250,000 Óglach den dá chineál ann, agus cuma an airm phríobháidigh ar an dá fhórsa. B'iad na náisiúnaithe ba mhó a bhí á gciapadh ag an gConstáblacht, ach fágadh cead a gcinn is a gcos ag Óglaigh Uladh, an chuid ba mhó den am. Bunaíodh [[Sinn Féin]] sa bhliain 1905. Chuaigh an saol polaitiúil chun fíochmhaireachta, agus sa deireadh thiar thall, chuaigh na hÉireannaigh chun [[Cogadh na Saoirse (Éire)|cogaidh]] lena dtír a shaoradh.
 
==Le linn Chogadh na Saoirse==
 
Nuair a ghnóthaigh Sinn Féin [[olltoghchán na bliana 1918]], chuir na Feisirí Náisiúnaíocha pairlimint neamhspleách, [[Dáil Éireann]]. B'ansin a thosaigh an treallchogadh in Éirinn. Rinne [[Óglaigh na hÉireann]] ionsaí i ndiaidh a chéile ar fhórsaí na Corónach de réir na n-orduithe a fuair siad ó [[Mícheál Ó Coileáin|Mhícheál Ó Coileáin]], agus ó b'iad na constáblaí an chéad líne chosanta a bhí ag an gCoróin, b'iad an dream ba mhó a bhí thíos le hionsaithe na nÓglach. Ó Fhómhar na bliana 1919 ar aghaidh, b'éigean dóibh na beairicí in áiteanna iargúlta a thréigean. San am céanna, chuir na hÓglaigh baghcat in aghaidh na Constáblachta i bhfeidhm, agus tháinig córas cúirteanna agus póilíníochta de chuid Shinn Féin in úsáid i measc na ndaoine. Bhítí ag bagairt an mhíle murdar ar na constáblaí, agus is iomaí duine acu a feallmharaíodh i ndáiríre. Ba chuid é seo de straitéis mheabhrach a bhí ag na hÓglaigh greim láimhe na Corónach a scaoileadh de na ceantair thuaithe. De réir ráiteas an [[Tiarna Curzon]], Aire Cúrsaí Eachtracha na Ríochta Aontaithe, bhí 117 constáblaí maraithe agus 185 gonta ag na hÓglaigh roimh Mhí Dheireadh Fómhair na bliana [[1920]]. Ar feadh trí míosa sa bhliain chéanna, d'éirigh sé chéad duine as an gconstáblacht, agus ní raibh ach naoi míle go leith acu ann i dtús na ceannairce féin.