An difríocht idir athruithe ar: "Blàr Allt a' Bhonnaich"

Content deleted Content added
No edit summary
(No difference)

Leagan ó 13:40, 21 Meitheamh 2006

Ar an 23 agus an 24 Meitheamh 1314, troideadh cath idir fórsaí Edward II Shasana agus Robert Bruce, rí Alban in aice le cathair Stirling. Bhí Caisleán Stirling faoi léigear ag na hAlbanaigh agus tháinig rí Shasana aneas chun é a shaoradh.

Cé go raibh arm na nAlbanach níos lú ná fórsaí Shasana bhí an lán leo agus b'éigean do Edward teitheadh lena anam. Áirítear an cath seo mar mhórócáid i stair na hAlban, mar cé gur lean an cogadh ar aghaidh ar feadh ceithre bliana déag eile, dhearbhaigh a bhua ag Bannockburn seasamh agus cumhacht Robert Bruce mar rí na hAlban. Ghlac na Sasanaigh le neamhspleáchas na hAlban i 1328.