An difríocht idir athruithe ar: "Aodh Dubh Ó Néill"
Content deleted Content added
No edit summary |
No edit summary |
||
Líne 1:
Nia le hEoghan Rua Ó Néill ab ea Aodh Dubh, 1611–1660, agus mac le hArt Óg Ó Néill. Sa Bhruiséil, in Ísiltír an Spáinne, a rugadh é. Eisean a bhí i gceannas ar chosaint Chluain Meala nuair a d'ionsaigh Cromwell an baile lena 10,000 saighdiúir ón "Model Army", is ní dhéanfadh Cromwell dearmad air go brách.
In aon lá amháin troda an 8 Bealtaine,
Níor bhuail Cromwell le hAodh Dubh riamh arís, ach mhair Aodh Dubh chun a bheith i gceannas ar chosaint Luimnigh ar nia Cromwell, Henry Ireton, i 1650-51. D'éirigh leis an gcosaint sa chéad ionsaí a dhein na Sasanaigh ar Luimneach i 1650, agus bhí ar Ó Néill géilleadh i 1651 mar bhí daonra na cathrach ag fáil bháis den ocras is den ghalar. Nuair a ghéill Luimneach, deineadh príosúnach d'Aodh Dubh, ach dhein sé é féin a chosaint chomh maith sin nár crochadh é, mar a tharlaíodh le ceannairí eile na nGael sa tréimhse chorraithe úd. Cuireadh go Londain é, marar chaith sé cúpla bliain sa phríosún i dTúr Londan.
|