An difríocht idir athruithe ar: "Réabhlóid Mheicsiceo"

Content deleted Content added
Rubinbot (plé | dréachtaí)
m róbat ag mionathrú: nah:Mēxihcatl Tēahcomanaliztli
m [r2.5.2] róbat ag mionathrú: uk:Мексиканська революція; cosmetic changes
Líne 1:
Tugtar '''réabhlóid Mheicsiceo''' ar na cathanna a bhí á gcur ag faicsin éagsúla ar a chéile i [[Meicsiceo]] ón mbliain [[1910]] go lár na [[1920idí|bhfichidí]]. Ar dtús, d'éirigh [[Francesco Indalecio Madero González|Francesco Madero]] amach in aghaidh [[Porfirio Díaz]], a bhí ina dheachtóir ar an tír ón mbliain 1876 i leith. D'éirigh le Madero deireadh a chur leis an "bPoirfiriacht" (''Porfiriato''), mar a thugadh na Meicsicigh ar chumhacht Porfirio Díaz, nó d'fhág Porfirio slán ag an tír sa bhliain 1911 le deireadh a shaoil a chaitheamh i b[[Páras]]. Níor tháinig deireadh leis an réabhlóid, áfach. A mhalairt ar fad d'iompaigh an réabhlóid ina cogadh cathartha idir a lán dreamanna polaitiúla cosúil leis na [[sóisialachas|sóisialaigh]], na hainrialaithe, na liobrálaigh, na pobalóirí agus lucht cosanta na scológ. Bhí na dreamanna in ann bunreacht nua a dhréachtú don tír sa bhliain 1917, ach níorbh é sin deireadh na réabhlóide go fóill. Glactar leis go coitianta gur chuir an bhliain 1920 clabhsúr ar an réabhlóid, ach bhí ceannaircí beaga polaitiúla in áiteanna ina dhiaidh sin féin, go háirithe cogadh na gCristeros sna blianta 1926-1929.
 
[[FileÍomhá:Francisco I Madero Pachuca.jpg|thumb|upright|Francisco Madero]]
De thoradh na réabhlóide, tháinig Páirtí na Réabhlóide Institiúidí ar an bhfód, páirtí a bunaíodh sa bhliain 1929 (san am sin, is é an t-ainm a thug an páirtí air féin ná Páirtí Náisiúnta na Réabhlóide; hathraíodh ainm an pháirtí sa bhliain 1946) agus a choinnigh an chumhacht go léir sa tír go dtí an chéad olltoghchán saor sa bhliain 2000.
 
{{síol}}
 
[[Catagóir:Stair Mheicsiceo]]
 
Line 33 ⟶ 34:
[[sv:Mexikanska revolutionen]]
[[tr:Meksika Devrimi]]
[[uk:Мексиканська революція 1910—17]]
[[zh:墨西哥革命]]