An difríocht idir athruithe ar: "Rothar"

Content deleted Content added
m róbat ag suimiú: oc:Bicicleta
No edit summary
Líne 1:
[[Íomhá:Reiserad-beladen.jpg|thumb| ]]
Is éard atá i gceist leis an '''rothar''' (úsáidtear leaganacha truaillithe den fhocal Béarla ''bicycle'' go coitianta i gcaint na Gaeltachta, cosúil le ''badhsacail'' agus ''badhsalaic''; focal oifigiúil é ''badhsacal'' i nGaeilge na hAlban) ná cóir thaistil an-áisiúil a bhfuil dhá roth fúithi agus iad á gcasadh ag matáin an duine atá a stiúradh an rothair, nó an '''rothaí'''. Tá an dá roth ceangailte d'fhráma an rothair, agus an rothaí ina shuí in airde ar an bhfráma.
Is gléas talún le dhá roth í '''rothar'''. Cóir taisteal ana áisiúil ar fad is ea an rothar. Tá sé saor le ceannach agus an té go mbíonn sé aici nó aige, bíonn sí nó sé beag bheann ar aon bhóthar dá fhaid. Ina theannta sin, tugann an rothaíocht suathadh maith do bhaill an duine agus is sláintiúil an cineál caitheamh aimsire é, ní airmhím a bhfaigheann duine de d'aoibhneas tríd le dul amach faoin dtuath faoin aer breá ghlan aon tráth den bhliain is mian leo.
 
An déanamh atá ar an rothar inniu, tháinig sé chun saoil sa bhliain 1895, ach bhí rothair den chineál eile ann roimhe sin féin. Chuaigh an rothar slabhrathiomáinte ar fud an domhain ó shin, agus inniu, tá an rothar dhá oiread chomh coitianta leis an ngluaisteán. Is é an rothar an príomh-mheán iompair ina lán réigiún ar an domhan, toisc go bhfuil sé saor i gcomparáid leis an ngluaisteán (mar shampla), agus is féidir leis an rothaí taisteal a dhéanamh beag beann ar na bóithre, má tá an tír-raon oiriúnach don rothaíocht.
 
Caitheamh aimsire agus cleachtas aclaíochta atá sa rothaíocht freisin. Cuireann an rothar ar chumas an chathróra aghaidh a thabhairt ar an tuath ar lorg aeir ghlain, agus san am chéanna, coinníonn an rothaíocht féin na matáin, an croí agus na scamhóga ag obair go maith. Baineann póilíní, teachtairí agus daoine eile leas as an rothar ina gcuid oibre, agus is spórt comórtais í an rothaíocht freisin. Is dócha gurb é an ''Tour de France'' - an turas timpeall na Fraince - an comórtas rothaíochta is clúití ar domhan.
 
{{glanadh}}
 
Tagann gluaiseacht ó dhuine ina shuí nó ina luí ar dhiallait, trí throitheáin. Tá an rothar ar cheann de na modhanna [[iompar|iompair]] is coitianta ar an domhan, agus tábhacht thar na bearta leis i dtíortha áirithe. Is [[reabhraí]] é agus caitheamh aimsire a bhfuil an-tóir é an rothaíocht chomh maith.