An difríocht idir athruithe ar: "Rothar"
Content deleted Content added
No edit summary |
No edit summary |
||
Líne 2:
Is éard atá i gceist leis an '''rothar''' (úsáidtear leaganacha truaillithe den fhocal Béarla ''bicycle'' go coitianta i gcaint na Gaeltachta, cosúil le ''badhsacail'' agus ''badhsalaic''; focal oifigiúil é ''badhsacal'' i nGaeilge na hAlban) ná cóir thaistil an-áisiúil a bhfuil dhá roth fúithi agus iad á gcasadh ag matáin an duine atá a stiúradh an rothair, nó an '''rothaí'''. Tá an dá roth ceangailte d'fhráma an rothair, agus an rothaí ina shuí in airde ar an bhfráma.
An déanamh atá ar an rothar inniu
Caitheamh aimsire agus cleachtas aclaíochta atá sa rothaíocht freisin. Cuireann an rothar ar chumas an chathróra aghaidh a thabhairt ar an tuath ar lorg aeir ghlain, agus san am chéanna, coinníonn an rothaíocht féin na matáin, an croí agus na scamhóga ag obair go maith. Baineann póilíní, teachtairí agus daoine eile leas as an rothar ina gcuid oibre, agus is spórt comórtais í an rothaíocht freisin. Is dócha gurb é an ''Tour de France'' - an turas timpeall na Fraince - an comórtas rothaíochta is clúití ar domhan.
|