An difríocht idir athruithe ar: "Rothar"

Content deleted Content added
No edit summary
No edit summary
Líne 10:
An duine a thabharfaidh an iarracht chéanna agus a chaitheann an fuinneamh céanna, beidh sé ag gluaiseacht an trí oiread chomh luath leis an gcoisí. Le fuinneamh an bhia a thiontú go fuinneamh gluaiseachta, is í an rothaíocht an modh is feidhmiúla atá ag neach beo ar bith.
 
{{glanadh}}
 
 
== Stair ==
Is iomaí réamhtheachtaí a bhí ann don rothar. Luaitear go minic an célérifière a chum an Cúnta Mede De Sivrac i [[1790]], agus an lauftmaschine a chuir an barún Gearmánach [[Karl Drais Von Sauerbronn]] os comhair mhuintir [[Páras|Pháras]] i [[1818]]. Bhí gléasanna eile ar nós an draisienne, an hobby horse, biciped agus an trotinette ann chomh maith agus an vélocipède a raibh an-tóir air tar éis [[1866]]. Bhí siad an-mhíshócúlach agus bronnadh an leasainm 'boneshaker' orthu.
 
Is iomaí réamhtheachtaí a bhí ann don rothar. Deirtear gurbh é an Cúnta Mede de Sivrac a d'fhorbair an ''célérifère'' dérothach sa bhliain 1790 nó 1791, agus gur chuir sé os comhair an tsaoil mhóir í sa ''Phalais-Royal''. Ní raibh ann ach dhá roth agus fráma adhmaid eatarthu, agus an rothaí ina shuí ar an bhfráma seo agus ag baint tacaíochta as an talamh. Ní raibh gléas stiúrtha ná tiomáint ann. Is é an tuiscint atá ag lucht na staire ar an scéal inniu nach raibh ''célérifère'' dérothach ann ar aon nós, agus gur gléas ceithre roth a bhí i gceist i ndáiríre. Ní raibh ann ach gur bhain an t-iriseoir clúiteach Francach Louis Baudry de Saunier an chiall chontráilte as na pictiúir chomhaimseartha nuair a bhí sé ag déanamh taighde ar stair na ngléas gluaiste seo céad bliain i ndiaidh lá an ''célérifère''.
 
Ba é an Gearmánach [[Karl Drais von Sauerbronn]] a d'fhorbair an chéad dérothach daontiomáinte, an ''Laufmaschine'', nó meaisín reathaíochta, mar a thug sé air. Thóg sé an chéad mheaisín sa bhliain 1817, agus fuair sé paitinn air sa chéad bhliain eile. Ba é dérothach Drais - ar a dtugtaí ''draisine'' nó ''draisienne'' freisin, is é sin, gléas Drais, nó ''velocipede'', rothar coise - an chéad dérothach a raibh rath ceart air, ach sa deireadh, ba iad na timpistí a rinne cabhóg an rothair choise seo, nó is é an tátal a bhain a lán údaráis áitiúla astu gur gléas dainséarach a bhí ann, agus thosaigh cathracha móra ag cur coisc leis an rothar coise.
 
Ó na 1820idí go dtí na 1950idí, bhí forbairt á déanamh ar na feithiclí daontiomáinte. Scéal eile áfach gur bhain innealtóirí na linne deireadh súile den dearadh dérothach, ó bhí siad den bharúil go raibh teipthe ar rothar coise Drais agus gur chóir dearadh na bhfeithiclí daontiomáinte a bhunú ar an gcoincheap trírothach nó ceathair-rothach, nach raibh chomh dainséarach céanna, ó nach gcaithfeá a bheith ag coinneáil cothromaíochta.
 
{{glanadh}}
 
Tosaíodh ar rotha cúitiuc a chur ar rothair in [[1869]] agus bhí siad níos sócúl ansin. Tosaíodh feidhm a bhaint as an shlabhra chun an ghluaiseacht a éascú leis an 'Rover' a chum [[J.K. Starley]] sa Bhreatain agus bhí an rothar i bhfad níos slána dá bharr sin, agus de bharr an dá roth a bheith ar aon mhéid. Thiomáin an slabhra an roth cúil a bhí ag casadh ar luas níos airde ná na troitheáin agus bhí an rothar níos tapúla dá bharr sin. Cuireadh feadán aeir sna rotha, rud a chuir tuilleadh feabhais ar socúlacht agus luas na gléasa. Tosaíodh ar an rothar a tháirgeadh ar bhonn thionsclaíoch agus bhí án-éileamh air mar mhodh taistil i mbailte agus faoin tuath, mar go raibh siad saor go leor don lucht oibre.