An difríocht idir athruithe ar: "Tobac"
Content deleted Content added
Guliolopez (plé | dréachtaí) Tagairtí |
|||
Líne 3:
Is éard is '''tobac''' ná duillí úra na b[[planda]]í sa [[Géineas|ghéineas]] úd ''Nicotiana'' a leasaítear ar bhealach ar leith le haghaidh úsáide mar dhruga. Is é an dóigh is minice a gcaitear tobac ná é a chur ag cráindó i d[[toitín]], i b[[píopa]] nó i d[[todóg]] agus an toit a análú isteach. Sa Ghaeilge, deirtear go bhfuiltear ag ''caitheamh'' tobac, ach úsáidtear an leagan ''tobac a ól'' freisin, go háirithe sna canúintí deisceartacha.
Is é an ''Nicotiana tabacum'' an cineál is mó a chuirtear,<ref>http://kids.britannica.com/comptons/article-208927/tobacco</ref> ach baintear úsáid as an gcineál ''Nicotiana rustica'' chomh maith. Tá an ''rustica'' chomh saibhir sa nicitín is gur féidir é a úsáid le nicitín a tháirgeadh mar fheithidicíd. Bíonn na [[Seaman|seamain]] bhundúchasacha i Meiriceá Theas ag úsáid an chineáil sin mar dhruga sícideileach freisin.
==An Planda==
Baineann an planda tobac leis an bhfine úd ''Solanaceae'', agus mar sin, tá gaol aige le plandaí mar [[stoc an aingil]], [[práta]], [[lus mór na coille]], [[mandrác]], [[píobar dearg]], [[tráta]], agus [[ubhthoradh]].
==An Tobac san Oileán Úr==
Líne 19:
==Stair Úsáide an Tobac==
Bhí an tobac á úsáid san Oileán Úr i bhfad roimh theacht na nEorpach, ach ba nós do na bundúchasaigh Mheiriceánacha srianta éigin a chur leis an úsáid. Mar shampla, d'fhéadfadh an t-asarlaí nó an seaman siabhráin agus mearuithe súl a tharraingt air féin trína lán tobac a úsáid, agus é in ann na siabhráin a chiallú de réir a thuisceana reiligiúnaí féin, ach ní bhlaisfeadh na daoine eile den tobac, ó shílfidís go raibh draíocht ann. Agus ar ndóigh, ba nós le treibheacha áirithe píopa a chaitheamh le séala a chur ar an gconradh síochána. Cibé scéal é, searmanas ar leith ab ea é tobac a chaitheamh, agus ba iad na hEorpaigh ba túisce a rinne nós laethúil de. Tháinig borradh mór ar úsáid an tobac i ndiaidh do James Bonsack an meaisín rollta toitíní a chéadcheapadh sa bhliain 1880.<ref>http://www.britannica.com/facts/5/147744/James-A-Bonsack-as-discussed-in-cigarette</ref> Faoi lár na fichiú haoise, áfach, chuaigh an tuiscint ar feadh an domhain go raibh an tobac thar a bheith dainséarach don tsláinte, agus de réir a chéile, thosaigh na daoine ag éirí as an nós.
==An Tobac agus an tSláinte==
Glactar leis inniu go bhfuil sé mífholláin ar fad tobac a chaitheamh. Ba iad na [[eolaí|heolaithe]] Gearmánacha ba túisce a d'aithin chomh dainséarach agus a bhíonn an tobac don tsláinte, thiar sna 1930idí, ach bhí an tuiscint seo an-mhall ag dul i bhfeidhm ar na caiteoirí tobac. Thar aon rud eile, ba sa Ghearmáin Naitsíoch ba túisce a tháinig an ghluaiseacht in aghaidh an tobac ar an bhfód, agus le linn [[an Dara Cogadh Domhanda]], bhí na comhghuaillithe den tuairim nach raibh ann ach leannán smaoinimh eile de chuid na [[Naitsithe]], nó bhí a lán idéanna áiféiseacha acu siúd faoi chúrsaí na sláinte mar chuid d'uaisliú an chine. Sa bhliain 1950, áfach, d'fhoilsigh Richard Doll alt tábhachtach ar an m''British Medical Journal'' faoin mbaint a bhí ag an tobac le hailse na scamhóg, agus i gceann ceithre bliana eile, dheimhnigh an ''British Doctors Study'' - staidéar a rinneadh ar nósanna caite tobac na ndochtúirí sa [[Ríocht Aontaithe]] - go raibh priacal na hailse scamhóg agus an taom croí ní b'airde ag lucht an tobac.
Is iad na scamhóga, an croí agus na bealaí riospráide is mó atá faoi bhagairt ag na galair a bhaineann leis an tobac. [[Nicitín]] is cúis leis an dúil nimhe a thugann na daoine don tobac, agus is iad na nimheanna eile is cúis leis an ailse a thagann sna sála ag an andúil. Go bunúsach, is iad na hidreacarbóin aramatacha ilnúicléacha is mó a tharraingíonn ailse ar an gcaiteoir tobac. Is minic a thugtar "tarra" ar na hidreacarbóin seo, nó cineál tarra atá iontu go bunúsach, is é sin, meascán hidreacarbón a úscann as ábhar orgánach agus é ag cráindó.
==Tagairtí==
{{reflist}}
{{síol}}
|