An difríocht idir athruithe ar: "Mikhail Lermontov"

Content deleted Content added
No edit summary
No edit summary
Líne 20:
Ceadaíodh dó filleadh ón díbirt leis na blianta 1838-39 a chaitheamh i Moscó agus i gCathair Pheadair, ach níor thaitin caidreamh éadrom na maithe is na móruasal leis. Thit sé i ngrá le bean uasal darbh ainm Varvara Lopukhina, ach níor fhreagair sise a chuid mothúchán. Sa deireadh, bhí comhrac aonair aige le mac an ambasadóra Fhrancaigh, agus gearradh tréimhse nua deoraíochta dó. Mar sin, chuaigh sé ar ais go Cugas, agus ghlac sé páirt sa chogaíocht ansin arís.
 
Comhrac aonair ba trúig bháis do Lermontov freisin. Bhí sé ag scríobh dánta scigiúla i gcónaí, agus ghoill ceann acu ar dhuine de na hoifigigh eile chomh dona agus gur thug sé cuireadh chun comhraic don fhile. Níor dhruid Lermontov ó spairn lann ná ó chomhrac aonair riamh, agus mar sin, mharaigh an fear eile - an Maor Nikolay Martynov - é i bPyatigorsk ar an 25 Iúil 1841. Deirtear gurbh í rúnseirbhís an Impire a thug leid do Martynov an cuireadh comhraic a thabhairt do Lermontov.
 
== Sliocht as saothar Lermontov ==