An difríocht idir athruithe ar: "Naomh Pádraig"

Content deleted Content added
m róbat ag suimiú: gd:Naomh Pàdraig
Chaco (plé | dréachtaí)
No edit summary
Líne 15:
 
Chuala Pádraig trácht air, áfach, go raibh fear de na Fianna clúiteacha fágtha sa tír, agus chuaigh sé i bhfianaise Oisín. Bhí sé dóchasach go n-éireodh leis Oisín a iompú i leith an chreidimh Chríostaí. Ní raibh aon mhaith ann, áfach, bheith ag caint le hOisín faoi Dhia, nó ní raibh ina bhéal siúd ach [[Goll Mac Mórna|Goll]]. "Ní chreidfinnse i nDia", ar seisean, "go dtí go bhfeicfinn Eisean agus Goll ag coraíocht le chéile. Dá n-éireodh le Dia Goll a leagan ansin, chreidfinn gurb é Dia an fear is fearr acu." Ansin, thaispeáin Pádraig d'Oisín an dóigh a raibh na Fianna, nár chuala iomrá riamh ar Dhia ná ar Íosa, ag troid leis na diabhail in Ifreann. D'fhiafraigh sé d'Oisín, nárbh fhearr leis flaithis Dé a bhaint amach, in áit na troda síoraí sin, ach níorbh fhearr: bhí Oisín díreach mífhoighneach chun "iall a chur i súiste Ghoill", mar a dúirt sé.
 
== Paidir Pádraig Naofa ==
 
:Críost liom
:Críost romhan
:Críost i mo dhiaidh
:Críost ionam
:Críost fum
:Críost uasam
:Críost ar mo lámh dheis
:Críost ar mo lámh chlé
:Críost i gcroí gach duine lena labhraim
:Críost i mbéal gach duine a labhras liom
:Críost i ngach súil a dhearcas orm
:Críost i ngach cluas a chluineas me
:Amen
 
==Naisc Sheachtracha==
 
*[http://www.youtube.com/watch?v=YeueYT0UvxM/ 'Paidir Pádraig Naofa ' ar Youtube]
 
(Athinsint ghairid é seo ar an scéal ''Mar a chuaigh Oisín go Tír na hÓige'' ón leabhar ''Seanchas Annie Bhán'' le Gordon W. MacLennan, Baile Átha Cliath 1997. ISBN 1-898473-84-6)