An difríocht idir athruithe ar: "Heemskerk"

Content deleted Content added
Leathanach cruthaithe le 'Baile mór agus bardas san Ollainn Thuaidh is ea Heemskerk. Tá 38,892 duine ina gcónaí ann i limistéar 31.7 ciliméadar cearnach. == Stair == ...'
(No difference)

Leagan ó 13:34, 26 Nollaig 2010

Baile mór agus bardas san Ollainn Thuaidh is ea Heemskerk. Tá 38,892 duine ina gcónaí ann i limistéar 31.7 ciliméadar cearnach.

Stair

Léiríonn fianaise seandálaíochta go raibh cónaí ar dhaoine in Heemskerk, atá suite ar thalamh gainimh díreach taobh thiar de na dumhcha a choinníonn an Mhuir Thuaidh amach, cúpla céad bliain roimh bhreith Chríost. Sa bhliain 1069 a luadh ainm an bhaile don chéad uair mar 'Hemezen Kyrica' i scríbhinn eaglasta. 'Teampall Hemezen' ba chiall leis an ainm sin. Ceaptar gur bhean rialta as an bhFreaslainn ab ea í Hemezen a bhunaigh mainistir san áit.

Bhí sé chaisleán in Heemskerk sna Meánaoiseanna; tá péire fágtha sa lá atá inniu ann, Assumburg agus Marquette. Tógadh teampall Protastúnach an bhaile sa bhliain 1628 ach is as an tríú haois déag don túr. Caitlicigh iad an chuid is mó den daonra, áfach. Thóg bunadh Caitliceach an bhaile teach pobail mór nua sa bhliain 1891 atá ar cheann d'fhíorbheagán samplaí de thithe pobail Chaitliceacha a tógadh i stíl na Nua-Athbheochana. Tá an t-ainm céanna, 'St. Laurentius' ('Naomh Labhrás') ar an dá shéipéal.

Baile tuaithe

Baile tuaithe a bhí in Heemskerk go dtí na 1960í. Sútha talún an táirge ba mhó a mbíodh cáil ar an mbaile ina thaobh. Sa lá atá inniu ann, fástar bláthanna agus glasraí ar an talamh gainimh méith idir an mbaile agus na dumhcha.

Pearsain a rugadh in Heemskerk

  • Rafael van der Vaart (11 Feabhra 1983), imreoir sacair le Ajax, HSV, Real Madrid agus foireann náisiunta na hÍsiltíre
  • Alex HIjmans (12 Meitheamh 1975), iriseoir agus údar Gaeilge