An difríocht idir athruithe ar: "An Airméin"
Content deleted Content added
m róbat ag suimiú: rue:Арменія |
m cúpla leasuithe litrithe |
||
Líne 46:
Tír i Sléibhte Chugais is ea í '''Poblacht na hAirméine''' (''Hayastani Hanrapetut'yun'', Հայաստանի Հանրապետություն), agus í ag críochantacht leis an [[An Asarbaiseáin (tír)|Asarbaiseáin]], [[an tSeoirsia]], [[an Tuirc]], agus [[an Iaráin]]. Tá cuid den Asarbaiseáin, [[Naxçıvan|Nakhichevan]], dealaithe ón gcuid eile den tír ag an Airméin.<ref>http://www.britannica.com/EBchecked/topic/46781/Azerbaijan</ref>
Is é an t-ainm
== Stair na hAirméine ==
Tír sheanársa is ea í an Airméin, agus tábhacht aici mar chumhacht
Sna blianta 37-47 i ndiaidh bhreith Chríost, shealbhaigh na Partaigh an Airméin, ach ansin, ruaig na Rómhánaigh iad arís. Nuair a bhí Nero ina Impire sa Róimh, chuir na Rómhánaigh feachtas cogaidh ar Impireacht na bPartach, a bhí ag iarraidh an Airméin a fhorghabháil arís. D'éirigh ina chogadh idir na Rómhánaigh agus na Partaigh arís, nuair a d'ionsaigh Vologases a Ceathair, Rí na bPartach, an Airméin sa bhliain [[162]]. I ndiaidh trí bliana cogaidh, d'éirigh leis an Impire Lucius Verus an cath a bhriseadh ar na Partaigh. Thabhaigh an feachtas seo an leasainm ''Armeniacus'' don Impire.
Líne 66:
=== Na Meánaoiseanna ===
[[Íomhá:Armenia Garni side.jpg|thumb|220px|Garni, Kotayk (1ú haois)]]
I ndeireadh na [[7ú haois|seachtú haoise]], tháinig na hArabaigh i gceannas ar an Airméin, tar éis dóibh frithbheartaíocht na n-uasal Airméanach a chloí. Nuair a bhí an Chailifeacht [[Ioslam|
=== An Aois Nua ===
Sa seachtú cogadh idir an Tuirc Otamánach agus [[Impireacht na Rúise]], sna blianta [[1828]]-[[1829]], d'éirigh leis na Rúisigh an leath thoir den Airméin a sciobadh ó na Turcaigh. Nuair a cuireadh an naoú cogadh idir an dá ríocht sin, sna blianta [[1877]]-[[1878]], bhí an Ríocht Otamánach idir dhá thine Bhealtaine, agus géarchéim sna Balcáin san am céanna. Mar sin, ghéill na
I Mí an Aibreáin den bhliain [[1915]], chuaigh an ródach ar na hAirméanaigh sa Tuirc, nó
Sna blianta [[1918]]-[[1920]] bhí stát dá gcuid féin ag na hAirméanaigh, agus é ag tacú leis an [[Entente]] in aghaidh na [[An Ghearmáin|Gearmáine]] agus a cuid comhghuaillithe. Mar sin, gealladh neamhspleáchas don Airméin i g[[conradh síochána Sèvres]], ach ní dheachaigh an conradh áirithe sin i bhfeidhm riamh. Sa bhliain [[1920]], shealbhaigh an Rúis Shóivéadach an leath thoir den Airméin. Nuair a cuireadh an tAontas Sóivéadach ar bun, chuaigh an Airméin isteach i g[[Comhphoblacht Shóivéadach Shóisialach na Traschugaise]], in éineacht leis [[an Asarbaiseáin]] agus [[an tSeoirsia]]. Ní raibh mórán ratha ar an gcomhphoblacht sin riamh, agus an trí náisiún ní ba mhíshásta ná a chéile léi. Sa bhliain [[1936]], cuireadh deireadh léi, agus rinneadh trí phoblacht Shóivéadacha san [[An tAontas Sóivéadach|Aontas Sóivéadach]] di, mar atá, [[Poblacht Shóivéadach Shóisialach na hAirméine]], [[Poblacht Shóivéadach Shóisialach na hAsarbaiseáine]], agus [[Poblacht Shóivéadach Shóisialach na Seoirsia]].
Líne 80:
I ndeireadh na n-ochtóidí, tháinig an [[náisiúnachas]] chun cinn san Airméin, agus thosaigh na daoine ag dul chun cearmansaíochta ar an gcóras Sóivéadach. San am céanna, d'éirigh ina chogadh idir an Airméin agus [[an Asarbaiseáin]] faoin [[An Nagarna-Carabaic|Nagarna-Carabaic]], ceantar san Asarbaiseáin arbh Airméanaigh iad formhór a mhuintire.
Ar an seachtú lá de Mhí na Nollag sa bhliain [[1988]], rinne [[Crith talún|talamhchrith]] millteanach an-léirscrios i Mori, réigiún i dtuaisceart na hAirméine. Fuair 25,000 duine bás san olltubaiste seo, agus fágadh cuid mhaith daoine amuigh gan fáras gan dídean i lár an gheimhridh. Ansin, d'fháiltigh an rialtas isteach lucht fortachta ó na tíortha Iartharacha, agus tháinig na sluaite móra acu, rud nach bhfacthas a leithéid roimhe sin sa stát Sóivéadach. Cé go bhfuair bunadh na háite cuidiú uathu, níor éirigh leis an Airméin riamh caoi cheart a chur ar infreastruchtúr an cheantair arís, agus cuireann iarsmaí an léirscriosta seo isteach ar fhorbairt eacnamaíoch an réigiúin i gcónaí.
Sa bhliain [[1991]], bhain an Airméin amach a saoirse, nuair a thit an tóin as an [[APSS|Aontas Sóivéadach]]. Mar sin féin, níor mhaolaigh sin ar an gcoimhlint idir an Airméin agus an Asarbaiseáin. Tháinig deireadh leis an gcogaíocht sa bhliain [[1994]], ach má tháinig féin, níl ann ach cneas thar goimh. Inniu féin, níl an choimhlint socraithe, in ainneoin na gcomhchainteanna a bhíonn ar siúl ag lucht rialtais an dá thír ó am go ham.
Líne 89:
I Mí an Mheithimh sa bhliain [[2005]], measúnaíodh go raibh 2,982,904 duine ina gcónaí san Airméin, agus is í an Airméin an dara tír is dlúithe daonra de na poblachtaí iar-Shóivéadacha. Ó thit an tAontas Sóivéadach as a chéile, chaill an Airméin cuid mhaith den daonra, agus an oiread daoine is a chuaigh ar imirce. Tá an chuma ar an scéal, áfach, go bhfuil an taoide ag casadh faoi láthair, agus go dtosóidh an daonra ag dul i méadaíocht arís sa bhliain [[2010]].
Airméanaigh eitneacha is ea iad 97.9 % de mhuintir na tíre.
Tá an chuid is mó d'Airméanaigh an domhain ina gcónaí taobh amuigh dá máthairthír inniu. Deirtear, fiú, go bhfuil ocht milliún Airméanaigh ar deoraíocht. Tá pobail Airméanacha le fáil ar fud an domhain, go háirithe sna [[Stáit Aontaithe Mheiriceá|Stáit Aontaithe]], i g[[Ceanada]], sa [[An Rúis|Rúis]], san [[An Fhrainc|Fhrainc]], san [[An Iaráin|Iaráin]], agus sa [[An Liobáin|Liobáin]].
Is í an Chríostaíocht an [[reiligiún]] is mó san Airméin. Bunaíodh Eaglais na hAirméine chomh fada siar leis an gcéad aois i ndiaidh bhreith Chríost, agus deirtear gur beirt Aspal de chuid an t[[Íosa Críost|Slánaitheora]] féin, Parthalán agus [[Naomh Iúdás Tadáias|Iúdás Tadáias]], a chuir tús léi, nuair a bhí siad ag misinéireacht san Airméin i lár na haoise. Sin é an tuige, fosta, go dtugtar "Eaglais Aspalda na hAirméine" ar eaglais náisiúnta na tíre. Baill den Eaglais seo is ea iad 93 % de mhuintir na hAirméine. Eaglais Ortadocsach Oirthearach atá ann, agus í an-tugtha dá cuid deasghnátha agus dá seanfhoirceadal. D'fhéadfá a rá go bhfuil sí cosúil leis an Eaglais Choptach agus leis an Eaglais Shíreach. Tá Caitlicigh ann chomh maith. Tá dhá chineál Caitliceach ann dháiríre, idir Chaitlicigh Rómhánacha agus Chaitlicigh Airméanacha. An dara dream acu, tugann siad urraim don Phápa, ach san am céanna, cloíonn siad leis na deasghnátha Airméanacha. Tá dornán beag Airméanach ag dul leis na heaglaisí beaga Protastúnacha freisin. Maidir leis na
Ní mhaireann ach an corr-
== Polaitíocht ==
[[Íomhá:S Sarkisyan.jpg|thumb|220px|Serzh Sargsyan - Uachtarán na hAirméine]]
Nuair a bhain an Airméin amach a saoirse arís, vótáladh Levon Ter-Petrossian isteach mar Uachtarán, agus níos mó ná
Is é an aidhm a chuir na hAirméanaigh rompu i ndiaidh bhlianta dorcha an tSóivéadachais ná poblacht dhaonlathach den déantús Iartharach a chur ar bun. Mar sin féin, is é an breithiúnas atá tugtha ag breathnóirí idirnáisiúnta ar shaol polaitiúil na tíre nach mbíonn na toghcháin ná na
Is minic nach mbactar mórán leis na cearta daonna san Airméin, ach an oiread. Bíonn na póilíní ag tabhairt greidimíní do dhaoine éigiontacha agus ag stopadh dlíodóirí ó theacht ar cuairt chuig a gcuid cliant sna príosúin. Ní bhíonn mórán tuisceana ann d'aon chreideamh nach bhfuil seanbhunaithe, agus is minic a bhítear ag imeaglú lucht leanúna Fhinnéithe Iaivé nó Protastúnaigh a bhaineann le heaglaisí beaga.
Líne 140:
== Cultúr ==
Tá [[Airméinis|teanga]] agus [[aibítir Airméanach|aibítir]] dá gcuid féin ag na hAirméanaigh, agus
Tá níos mó ná sé mhíle déag de shaothair ealaíne ó na Meánaoiseanna i dtaisce i nDánlann Náisiúnta na hAirméine, chomh maith le saothair le healaíontóirí comhaimseartha Eorpacha. Thairis sin, tá sraith mhaith dánlann eile le fáil i bpríomhchathair na tíre, ar nós Músaem na hEalaíne Nua-Aimseartha, Ailéar Pictiúirí na bPáistí, agus Músaem Martiros Saryan, chomh maith lena lán ailéar príobháideach.
|