An difríocht idir athruithe ar: "Prosper Mérimée"

Content deleted Content added
Leathanach cruthaithe le 'Drámadóir, prós-scríbhneoir, agus seandálaí Francach a bhí i b'''Prosper Mérimée''', a rugadh i bPáras ar an 28 Meán Fómhair 1803 agus a fuair bás i gCannes a...'
 
No edit summary
Líne 1:
Drámadóir, prós-scríbhneoir, agus seandálaí Francach a bhí i b'''Prosper Mérimée''', a rugadh i bPáras ar an 28 Meán Fómhair 1803 agus a fuair bás i gCannes ar an 23 Meán Fómhair 1870. Tá clú agus cáil air ar fud an domhain, toisc gurbh eisean a scríobh an scéal ba bhunús don cheoldráma úd ''Carmen'' leis an gceolchumadóir Georges Bizet. Cuireadh Gaeilge ar an ngearrúrscéal ''Colomba''.
 
Bhí Rúisis ag Mérimée, agus bhí sé ar na daoine ba luaithe a chuir Fraincis ar mhórshaothair na litríochta Rúisí agus a tharraing súil na bhFrancach ar scríbhneoirí Rúiseacha na linne, díreach nuair a bhí clasaicigh mhóra na Rúise á gcumadh agus á bhfoilsiú ina dtír dhúchais féin. Rinne sé staidéar ar an Spáinnis freisin, agus ba mhinic dó dul ar lorg mianaigh dá chuid scéalta i saol na Rúise, na Spáinne agus na dtíortha coimhthíocha eile. Scríbhneoir rómánsúil a bhí ann a raibh an-saint aige sa mhisteachas.