An difríocht idir athruithe ar: "Paragua"

Content deleted Content added
nasc
Líne 52:
===Ré an Dochtúra Francia===
 
Fágadh Paragua scartha scoite mar thír, agus deachtóirí anlathacha á rialú. B'é [[José Gaspar Rodríguez Francia]], nó "an Dochtúir Francia", an chéad deachtóir acu go léir. D'éirigh leis áitiú ar chomhthionól na bliana [[1813]] glacadh le bunreacht nua a tháinig óna pheann féin, an chuid ba mhó. I muiníne an bhunreachta seo dó, bhailigh sé iomlán na cumhachta chuige féin go sciobtha, agus sa bhliain [[1816]], bhí sé ábalta deachtóir a ghairm de féin go hoscailte is go hoifigiúil.
 
Mhair Francia i gceannas ar an tír go dtí an bhliain [[1840]]. Choinnigh sé Paragua faoi dhiansmacht, agus níor cheadaigh sé freasúra ná easaontas d'aon chineál. Sa bhliain [[1820]], tháinig sé chun solais go raibh cuid mhór de scothaicme pholaitiúil na tíre sáite i gcomhcheilg leis an deachtóir a fheallmharú. D'imir Francia díoltas fuilteach ar lucht na comhcheilge, agus chuaigh an t-ollsmacht chun déine.