An difríocht idir athruithe ar: "Rote Armee Fraktion"

Content deleted Content added
m róbat ag mionathrú: pt:Fração do Exército Vermelho; cosmetic changes
No edit summary
Líne 1:
[[Íomhá:RAF-Logo.svg|thumb|Suaitheantas na droinge. Taispeánann sé fo-inneallghunna den déanamh ''Heckler & Koch''.]]
Drong radacach sceimhlitheoirí ón eite chlé a bhí i n'''Drong Baader-Meinhof''' nó ''Rote-Armee-Fraktion'' ("Faicsean an Airm Dheirg") a bhí gníomhach i bPoblacht Chónaidhme na [[An Ghearmáin|Gearmáine]] óón nabhliain seachtóidí1970 go dtí naan nóchaidíbhliain 1998.<ref>Alt ón Spiegel (Gearmáinis) http://www.spiegel.de/spiegel/print/d-48902687.html</ref> B'iad [[Andreas Baader]], [[Gudrun Ensslin]], [[Ulrike Meinhof]], [[Horst Mahler]] agus daoine eile a bhunaigh an drong sa bhliain 1970, faoi thionchar an radacachais chlé agus an fhrithimpiriúlachais a bhí faiseanta san am. Bhí siad ag déanamh aithrise ar na treallchogaithe cathartha i [[Meiriceá Theas]], go háirithe na ''[[Tupamaros]]'' in [[Uragua]]. Mharaigh sceimhlitheoirí na droinge 34 duine, robáil siad a lán bancanna, agus rinne siad a lán buamálacha. Sa bhliain 1998, d'fhógair siad go raibh siad éirithe as an bhfeachtas míleata.
 
Is é an t-ainm a thug an drong uirthi féin ná ''Rote-Armee-Fraktion'' nó ''RAF'', ach ba nós leis na nuachtáin iad a ainmniú as Andreas Baader agus Ulrike Meinhof. Bhí clú áirithe ar Meinhof mar iriseoir radacach sular tháinig an drong sceimhlitheoireachta ar an bhfód. Bhí ról ní ba tábhachtaí ag Gudrun Ensslin sa drong, áfach.