An difríocht idir athruithe ar: "Joe Higgins"

Content deleted Content added
Nuashonrú tar éis an olltoghcháin.
Nuashonrú eile.
Líne 6:
D'fhill sé go hÉireann agus bhain sé céim amach sa [[Béarla|Bhéarla]] agus sa [[Fraincís|Fhraincís]] i g[[Coláiste na hOllscoile, Baile Átha Cliath]]. Chaith sé tamall ag múineadh i scoileanna lárchathracha i m[[Baile Átha Cliath]]. Chuaigh sé isteach i b[[Páirtí an Lucht Oibre]] nuair a bhí sé mar mhac léinn agus bhí sé gníomhach sa Militant Tendency (''An Claonadh Míleatach''), grúpa den eite chlé sa pháirtí. Dibríodh Higgins agus daoine eile san Militant Tendency sa bhliain [[1989]]. Bhunaigh siad Militant Labour ach thosaigh an páirtí ar úsáid a bhaint as an ainm "An Páirtí Sóisialach" sa bhliain [[1996]].
 
Toghadh Higgins mar bhall de Chomhairle [[Contae Fhine Gall|Chontae Fhine Gall]] sa bhliain [[1991]] agus bhí sé ina bhall den Chomhairle go dtí 2004. Toghadh é mar Theachta Dála sa bhliain [[1997]] i nDáilcheantar Bhaile Átha Cliath Thiar. Toghadh arís é in Olltoghchán [[2002]]. Chaill sé a shuíochán sa bhliain 2007 ach d'éirigh leis é a bhuachan arís in Olltoghchán 2011, tar éis dó a bheith tofa mar Fheisire de chuid Pharlaimint na hEorpa ar son Bhaile Átha Cliath i 2009.
 
Chaith sé mí i bpríosún sa bhliain [[2003]] mar gheall ar agóidí i gcoinne táillí ar bhailiúchán bruscar tí. Bhí sé gníomhach i gcónaí ar son chearta na n-inimirceach freisin. Do thoghchán ginearálta [[2011]] tháinig aontas coiteann de chuid na heite clé, darbh ainm [[Comhghuaillíocht na hEite Clé Aontaithe]] le chéile le dul in iomaíocht leis na páirtithe eile.