An difríocht idir athruithe ar: "Citseap"

Content deleted Content added
No edit summary
No edit summary
Líne 3:
Is deacair a rá céard is bunús leis an bhfocal sin ''citseap'' nó ''ketchup'', ach dealraíonn sé gur focal Sínise é a fuair an Béarla ar iasacht tríd an Malaeis. Níorbh ionann an citseap ar tháinig na Sasanaigh air sna stáit Mhalaecha san ochtú haois déag. Anlann éisc é an "citseap" Síneach, agus anlann soighe é citseap na Malaech.
 
Chuaigh an citseap Malaech chun leitheadúlachta sa Bhreatain Mhór agus sna coilíneachtaí go géar gasta i rith na hochtú haoise déag, ach níor tháinig an citseap trátaí, mar is aithin dúinn é inniu, ar an bhfód ach i dtús na naoú haoise déag, sna Stáit Aontaithe. Sandy Addison a bhí ar an gcéad duine a cheap an t-oideas do chitseap trátaí sa bhliain 1801, agus tháinig an t-oideas sin i gcló ar an leabhar cócaireachta úd ''Sugar House Book''. Ina dhiaidh sin, chuaigh oidis don chitseap trátaí i gcló i leabhair chócaireachta eile i Meiriceá, go háirithe ar an ''Virginia Housewife'' le Mary Randolph, leabhar a raibh an-tionchar aige ar nósanna cócaireachta sna Stáit.
 
D'éirigh an citseap coitianta sna Stáit Aontaithe i rith na naoú haoise déag. Jonas Yerks (nó Yerkes) a bhí ar an gcéad duine a chuir tús le déantús an chitsip ar scála tionsclaíoch náisiúnta, sa bhliain 1837. Tháinig na comhlachtaí eile sna sála ag Yerkes, agus sa bhliain 1876 a chualathas an chéad chomhrá ar chitseap Heinz.