An difríocht idir athruithe ar: "Isaak Babel"

Content deleted Content added
m r2.7.1) (róbat ag suimiú: az:İsaak Babel
No edit summary
Líne 1:
[[Íomhá:Isaac Babel.png|thumb|Isaak Babel]]
[[Scríbhneoir]] Sóivéadach [[An Rúis|Rúisise]] de phór [[Giúdachas|Giúdach]] ab ea é '''Isaak Emmanuilovich Babel''' ([[Rúisis]]: ''Исаак Эммануилович Бабель'') a saolaíodh in Odessa ar an [[13 Iúil]] [[1894]] agus a básaíodh i [[Moscó]] ar an [[27 Eanáir]] [[1940]]. Scríobhadh sé aistí, gearrscéalta, drámaí agus scéalta iriseoireachta. Nuair a bhí sé ina bhuachaill beag, maraíodh a athair mór i bpogram mór na bliana 1905, agus ba dhóbair dó féin bás a fháil. B'Ba iad a chuid scéalta faoi chogadh na Polainne agus na Rúise Sóivéadaí i dtús na bhfichidí, a d'fhoilsigh sé faoin teideal ''Конармия''/''Konarmiya'' (giorrúchán de ''Konnaya armiya'', nó "An tArm Marcaíochta", is é sin, marcshlua an Airm Dheirg), ba mhó a thuill a chlú dó.
 
Ina stócach óg dó, rinne sé staidéar ar an bhFraincis agus ar léann traidisiúnta na [[Giúdachas|nGiúdach]], D'fhéach sé le dul ar scoil na trádála in Odessa freisin, ach ós rud é gur Giúdach a bhí ann, níor ligeadh isteach é. Sa deireadh, chuaigh sé i scoil airgeadais agus gnó i gCíév san [[An Úcráin|Úcráin]].