An difríocht idir athruithe ar: "Cuáit"

Content deleted Content added
No edit summary
 
No edit summary
Líne 1:
Tír bheag i Murascaill na Peirse (nó na hAráibe). Bhí an rítheaghlach Al-Sabah i gceannas ann faoi chosaint na Breataine ó 1899 go dtí gur baineadh neamhspleáchas amach i 1961. Tá teorannacha aici leis an [[Iaráic]] agus leis an AráibhAráib Shádach.
 
Achar iomlán: 17,820 ciliméadar cearnach. Níl abhainn ná loch ar bith sa tír agus is fásach beagnach cothrom an talamh ar fad. Ola, éisc, agus gás nádúrtha na príomhtháirgí. Tá timpeall 10% de ola an domhain faoin talamh inti. Tá timpeall dhá mhilliún go leith duine ina gcónaí sa tír, ach is eachtrannaigh níos mó ná a leath.
 
Ríocht atá sa tír agus is é Amir JABIR al-Ahmad al-Jabir Al Sabah atá i gcumhacht ó 1977 i leith. Cé go bhfuil parlaimint ann ní cheadaítear aon pháirtí polaitiúíl. Rinne an Iaráic faoi cheannas Saddam Hussein ionradh ar an gCuáit sa bhliain 1990 ach ruaigeadh a chuid saighdiúirí nuair a chruinnigh comhghuallaíocht ollmhór faoi cheannas na Stát Aontaithe ar theorainn na hAráibe Sádaigh. Ceithre lá a mhair an cogadh a chuir fórsaí na hIaráice amach as an tíritír i mí Feabhra 1991.