An difríocht idir athruithe ar: "Éinstéiniam"

Content deleted Content added
Leathanach cruthaithe le 'Is é an t-'''éinstéiniam''' dúil cheimiceach uimhir a 99, agus is í an tsiombail cheimiceach a sheasann dó ná '''Es'''. Ceann de na hachtanóidigh é, agus mar sin,...'
 
No edit summary
Líne 1:
Is é an t-'''éinstéiniam''' dúil cheimiceach uimhir a 99, agus is í an tsiombail cheimiceach a sheasann dó ná '''Es'''. Fuair sé a ainm ó [[Albert Einstein]]. Ceann de na hachtanóidigh é, agus mar sin, is dúil throm thrasúránach é. Mar sin, níl ach iseatóip radaighníomhacha aige, agus má éiríonn leis na fisiceoirí blúirín beag éinstéiniam a tháirgeadh, is sciobtha a thiocfaidh an meath radaighníomhach air. Is é an t-iseatóp is cobhsaí dá bhfuil ann ná <sup>252</sup>Es, ach níl an ceann sin féin ró-fhadsaolach, nó tá sé 471.7 lá ar leathré.
 
Mar sin, is deacair do na ceimiceoirí mórán taighde a dhéanamh ar shaintréithe ceimiceacha an éinstéiniam. Tagann meath radaighníomhach ar gach eiseamal chomh luath is nach féidir a rá go mbeadh sé indéanta an t-éinstéiniam a choinneáil glan. Thairis sin, bíonn an radaighníomhaíocht chomh láidir san éinstéiniam is go gcuireann an radaíocht struchtúr an chriostail éinstéiniam ó mhaith go luath.