An difríocht idir athruithe ar: "Seoltóireacht"

Content deleted Content added
Colin Ryan (plé | dréachtaí)
MOS
Líne 1:
[[Íomhá:US Sailing Team1.jpg|mion|325px|Báíd ag seoladh]]
 
Tugtar '''seoltóireacht''' ar láimhseáil báid seoil, rud a bhfuil a lán scileanna ag teastáil chuige, mar atá cóiriú agus socrú na seolta agus an rigín, eolas ar thréithe an uisce agus na gaoithe, agus eolas ar an aimsir. Tá ré na mbád seolta oibre imithe sa chuid is mó den domhan, agus tháinig ina háit ré na seoltóireachta mar chaitheamh aimsire - seoltóireacht aonair agus seoltóireacht foirne. Tá feabhas ar leith tagtha ar luaimh rásaíochta an lae inniu, soithigh chostasacha a bhfuil luas ar leith fúthu.
Líne 6:
 
== Stair ==
[[Íomhá:Jeanie johnston(ship).JPG|mion|325px|An ''Jeannie Johnston'', 2005]]
 
Tá báíd seoil ann leis an mílte bliain i ngach cuid den domhan a raibh teacht ag daoine ar locha móra nó ar an bhfarraige. Bhí siad le fáil san Áise, sa Mheánoirthear, san Afraic agus ar chóstaí na hEorpa. Bhí éagsúlacht ag baint leis na réigiúin úd, leis na deacrachtaí a bhí le sárú ag lucht seoltóireachta agus leis na saghsanna réitigh a rinneadh ar na deacrachtaí sin. Ba mhór idir long fada na Lochlannach agus siunca na Síne, ach bhí éifeacht leo araon ar shlite difriúla.
Líne 16:
 
== Naisc ==
* [[Long fhada na hÉireann]]
 
[[Long fhada na hÉireann]]